Written answers
Thursday, 6 February 2025
Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht
Foras na Gaeilge
Conor McGuinness (Waterford, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
110. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an bhfuil sé ar an eolas faoin gcruachás ina bhfuil Foras na Gaeilge de dheasca easpa maoinithe; an bhfuil aon phlean aige chun dul i ngleic leis an nganntanas airgid atá ag cur scéimeanna Gaeilge i mbaol ar fud na tíre; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [3615/25]
Charlie McConalogue (Donegal, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Is í an Chomhairle Aireachta Thuaidh-Theas (CATT) a cheadaíonn maoiniú reatha don Fhoras Teanga Thuaidh-Theas, Foras na Gaeilge san áireamh.
Cuireann mo Roinn 75% de bhuiséad ceadaithe Fhoras na Gaeilge ar fáil go bliantúil, leis an 25% eile ag teacht ó Roinn Pobal Tuaisceart Éireann, de réir an cóimheas maoinithe a aontaíodh nuair a bunaíodh an Foras Teanga.
Cé go bhfuil airgead breise ar fáil i mbuiséad mo Roinne le blianta beaga anuas, 2025 san áireamh, is gá cómhaoiniú de réir an cóimheas maoinithe a bheith ar fáil ón Roinn Pobal, Tuaisceart Éireann, sular féidir aon ardú a chur ar bhuiséad an Fhorais.
Tá ceist mhaoinithe na bhForas Fhorfheidhmithe Thuaidh Theas á plé ag na Ranna uarraíochta agus na Ranna Airgeadais sa dá dhlínse agus níl cinneadh deiridh déanta maidir le buiséad 2025, a bheidh le cur faoi bhráid an chéad chruinniú eile den Chomhairle Aireachta Thuaidh-Theas.
I bhfianaise na ndeacrachtaí atá sonraithe thuas, tá socraithe déanta ag mo Roinn infheistíocht uilebhliantúil suntasach a dhéanamh i dtionscnaimh ar leith de chuid an Fhorais agus a chuid ceanneagraíochtaí le blianta beaga anuas ar mhaithe le cuidiú leis an earnáil dul i ngleic leis na dúshláin airgeadais seo. San áireamh anseo, tá mar shampla:
- Clár na Leabhar Gaeilge agus forbairt foclóirí nua de chuid an Fhorais;
- Scéim Gaelbhratach de chuid Gael Linn;
- Scéim Teanga Tí, Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonnchadha agus Gradam Gnó na Gaeilge de chuid Ghlór nan Gael;
- Scéim Spreagadh na Gaeilge, Seó Bóthair agus an Clár Céad Míle Fáilte de chuid Chonradh na Gaeilge;
- maoiniú don eagraíocht Ghaeloideachas chun earnáil an luathoideachais a fhorbairt; agus,
- maoiniú suntasach d’Oireachtas na Gaeilge chun na healaíona teangabhunaithe agus Gréasán Gaeilge na Seirbhíse Phoiblí a fhorbairt.
Sna seachtainí romhainn, leanfaidh oifigigh mo Roinne ag plé na ceiste seo lena gcomhghleacaithe sa Roinn Pobal ó thuaidh féachaint chun buiséad aontaithe an Fhorais Teanga a chur faoi bhráid na Comhairle Aireachta Thuaidh Theas.
No comments