Written answers

Thursday, 6 February 2025

Department of Education and Skills

Scoileanna Lán-Ghaeilge

Photo of Conor McGuinnessConor McGuinness (Waterford, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

100. To ask the Minister for Education and Skills cad iad na pleananna atá aici chun dul i ngleic leis an ngéarchéim atá ann maidir le múinteoirí le Gaeilge a earcú chun freastal ar earnáil an oideachais Gaeilge – idir bhunscoileanna agus mheánscoileanna; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [3834/25]

Photo of Helen McEnteeHelen McEntee (Meath East, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Réimse gníomhaíochta tosaíochta don Rialtas is ea a chinntiú gur dearfach atá eispéireas gach linbh ar scoil agus go bhfuil múinteoirí cáilithe gafa ar fáil chun cabhrú leo ina gcuid foghlama.

Léirítear sna sonraí is déanaí go bhfuil breis agus 78,000 múinteoir cáilithe fostaithe in Éirinn. Amhail i gcás a lán earnálacha, tá dúshláin earcaíochta ann san earnáil oideachais, go háirithe i limistéir uirbeacha.

Chuir an Roinn roinnt beart chun feidhme chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna soláthair múinteoirí, agus is iad seo a leanas na torthaí atá ar na bearta sin:

  • méadú 20% ar an líon céimithe Oideachais Tosaigh Múinteoirí (múinteoirí faoi oiliúint) idir na blianta 2018 agus 2023, agus méadú 30% ar an líon atá cláraithe leis an gComhairle Mhúinteoireachta ó bhí an bhliain 2017 ann, agus
  • méadú 16.7% agus méadú 13.3% ar an líon post teagaisc atá leithdháilte ar an iar-bhunoideachas agus ar an mbunoideachas faoi seach idir na blianta 2017/18 agus 2023/24.
Chistigh an Roinn raon gníomhartha oideachais múinteoirí faoin bPolasaí don Oideachas Gaeltachta chun cur leis an líon múinteoirí atá ar fáil chun teagasc go héifeachtach trí mheán na Gaeilge.

Cuireadh tús leis an gclár Oideachais Tosaigh Múinteoirí (bunleibhéal) trí mheán na Gaeilge sa bhliain 2019, ar clár Baitsiléara san Oideachas é. Soláthraítear cistiú do 30 áit nua gach bliain. Dámhadh conradh nua d’Institiúid Oideachais Marino sa bhliain 2023 chun an clár Baitsiléara san Oideachas a sholáthar do chúig chohórt eile. Tá beirt mhúinteoirí ar iasacht agus sparánachtaí ón gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta á gcur ar fáil chun tacú leis an Máistir Gairmiúil san Oideachas in Ollscoil na Gaillimhe ó bhí an bhliain 2017 ann freisin.

Tá bearta a tugadh isteach faoin mBuiséad le déanaí ina léiriú ar an tiomantas atá ann d’infheistíocht leanúnach a dhéanamh sa chóras oideachais chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna soláthair múinteoirí. Áirítear iad seo a leanas leis na príomhthionscnaimh ina leith sin:
  • Áiríodh le Buiséad 2024 cláir uasoiliúna a leathnú, ar cláir iad atá ar fáil saor in aisce do mhúinteoirí agus a bhfuil mar aidhm leo méadú a dhéanamh ar an líon múinteoirí cáilithe in ábhair ardéilimh agus laghdú a dhéanamh ar a mhéid a theagascann múinteoirí ábhair lasmuigh dá n-ábhar féin. Comhlánófar cláir nua i nGaeilge, Fraincis, polaitíocht agus an tsochaí agus eolaíocht ríomhaireachta na cláir atá ann cheana i matamaitic, fisic agus Spáinnis. Soláthróidh Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, an clár nua uasoiliúna Gaeilge do mhúinteoirí iar-bhunscoile.
  • Faoi Bhuiséad 2025, leanadh le cistiú a sholáthar do chúrsaí uasoiliúna saor in aisce do mhúinteoirí in ábhair ardéilimh, Gaeilge ina measc.
  • Faoi Bhuiséad 2024, tugadh isteach aisíocaíocht táillí de chineál sparánachta is fiú €2,000 do mhúinteoirí a bhain Máistir Gairmiúil san Oideachas amach sa bhliain 2024. Déanfar an íocaíocht sin sa bhliain 2025, agus tá sé mar aidhm léi múinteoirí nuacháilithe bunscoile agus iar-bhunscoile a spreagadh dul i mbun róil teagaisc. I mí Mheán Fómhair, d’eisigh mo Roinn ciorclán ina leagtar amach na critéir incháilitheachta.
I dteannta na mbeart sin a tugadh isteach le déanaí, d’fhorbair an Roinn tionscnaimh bhreise atá ceaptha chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin a bhaineann leis an soláthar múinteoirí. Áirítear iad seo a leanas leis na tionscnaimh sin:
  • an bhuíon múinteoirí atá ar fáil chun obair ionaid a dhéanamh a mhéadú, trí leanúint leis na gnáth-theorainneacha ar scéimeanna sos gairme agus postroinnte a chur ar fionraí agus trí leanúint den scéim um uaireanta teagaisc a fhadú in iar-bhunscoileanna go dtí an scoilbhliain 2024/25.
  • múinteoirí ar scor a spreagadh oibriú mar mhúinteoirí ionaid; sholáthair breis agus 1,700 múinteoir ar scor cumhdach ionaid sa scoilbhliain 2023/24, cothrom le méadú 12% ar an bhfigiúr don bhliain roimhe sin.
  • leanúint leis an bhfeachtas “Déanann an Teagasc Athrú ó Bhonn” a reáchtáil, rud ina gcuirtear gairm an teagaisc chun cinn agus ina dtugtar spreagadh do dhaltaí gairm a shaothrú sa teagasc. Forbraíodh feachtais cur chun cinn chun go mbeadh siad ar siúl i gcomhthráth le dáta deiridh na Lár-Oifige Iontrála (CAO) agus leis an spriocdháta athrú intinne le blianta beaga anuas.
Is rogha tharraingteach ghairme é an teagasc:
  • Chláraigh breis agus 3,700 múinteoir nuacháilithe leis an gComhairle Mhúinteoireachta sa bhliain 2024, agus níos mó ná 126,000 múinteoir ar an gclár anois.
  • Tugtar le fios in anailís ar iarratais CAO a rinneadh ón mbliain 2017 go dtí an bhliain 2024 gur ann d’éileamh marthanach láidir ar chláir theagaisc fochéime. Ar an meán, ba le cláir theagaisc bunscoile nó le cláir theagaisc iar-bhunscoile a bhain 6% de na hiarratais chéadrogha uile a rinneadh ón mbliain 2017 go dtí an bhliain 2024.
  • Mar thoradh ar an mbeart nua pá, méadófar tuarastal tosaigh múinteoirí go €46,000, agus é ag méadú go €85,000 ar a mhéad in aghaidh na bliana. Is tuarastal maith é sin, i gcomparáid le figiúirí idirnáisiúnta.
Is minic a théann an Roinn i gcomhairle le geallsealbhóirí ar shaincheisteanna amhail an soláthar múinteoirí trí fhóraim chaidrimh thionsclaíoch, trí chruinnithe earnála agus trí dhíospóireachtaí díreacha le ceardchumainn múinteoirí. Cuireadh tús le déanaí le tionscadal atá ceaptha chun díriú ar phleanáil straitéiseach fórsa saothair do mhúinteoirí in Éirinn freisin, ar tionscadal é a bhfuil UNESCO agus an Ard-Stiúrthóireacht maidir le Tacaíocht um Athchóiriú Struchtúrach ag tacú leis.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.