Written answers

Thursday, 7 November 2024

Department of Agriculture, Food and the Marine

Calafoirt agus Céanna

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

325. To ask the Minister for Agriculture, Food and the Marine cén dul chun cinn atá déanta le réiteach a fháil ar na fadhbanna pleanála a chuir stop leis an obair ar chéibh dhomhainmhara Ros an Mhíl; cén uair atáthar ag súil go mbeifear in ann tosaí ar an obair ar an gcéibh arís [45621/24]

Photo of Charlie McConalogueCharlie McConalogue (Donegal, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar is eol don Teachta, cuireadh tús leis an tionscadal chun le Cé Dhomhain a thógáil in Ionad Iascaigh Cuain Ros an Mhíl i mí Eanáir 2023 agus bhí sé ag dul ar aghaidh mar ba cheart. Bhí an cead pleanála a deonaíodh in 2018 le dul in éag i mí Iúil 2023, i.e. sula mbeadh na hoibreacha críochnaithe. D'ullmhaigh Innealtóirí Comhairliúcháin de chuid na Roinne agus rinne siad iarratas ar shíneadh leis an Údarás Pleanála, Comhairle Contae na Gaillimhe i mí na Bealtaine 2023. Deonaíodh síneadh 5 bliana ar an 11 Iúil 2023.

Mar atá tuairiscithe go forleathan, tá dúshlán tugtha ag eagraíocht neamhrialtasach comhshaoil don chinneadh síneadh a chur le tréimhse an cheada pleanála. De bhreis ar chomhairle dlí na Roinne, tugadh treoir don Chonraitheoir deireadh a chur leis na hoibreacha go léir ar an láthair ar an 20 Bealtaine 2024 go dtí go mbeidh toradh ar an Athbhreithniú Breithiúnach. Éisteadh an Athbhreithniú Breithiúnach san Ard-Chúirt ar an 29 Deireadh Fómhair atá díreach imithe agus breithneofar an rialú go cúramach.

Tá tús curtha ag an Roinn leis an bpróiseas Toilithe Ionaid. D'aontaigh an Bord Pleanála le hiarratas ó chomhairleoirí na Roinne ar chruinniú comhairliúcháin réamhiarratais faoi alt 177E (1A) den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000 (arna leasú), agus tionóladh an cruinniú ar an 11 Deireadh Fómhair atá díreach imithe. Tá ullmhú an ábhair riachtanaigh a ghabhann leis an iarratas ar Thoiliú Ionaid á ullmhú faoi láthair ag comhairleoirí na Roinne. D'fhéadfadh suas le 12 mhí a bheith i gceist leis an tréimhse ama chuige sin. Nuair a bheidh na céimeanna riachtanacha críochnaithe déanfar iarratas chuig an mBord Pleanála ar chead chun Tionscadal Ché Dhomhain Ros an Mhíl a chur i gcrích. Níl aon tréimhse reachtúil ann faoina gcaithfidh an Bord Pleanála cinneadh a dhéanamh ar an iarratas.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

326. To ask the Minister for Agriculture, Food and the Marine cén dul chun cinn atá déanta maidir le háiseanna muiríne níos fearr a chur ar fáil i Ros an Mhíl; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [45622/24]

Photo of Charlie McConalogueCharlie McConalogue (Donegal, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

I mí na Samhna 2021 cheadaigh Comhairle Contae na Gaillimhe pleanáil do mo Roinn chun síneadh a chur leis an mbeart feistithe ag an gCaladh Bád ag Ionad Iascaigh Cuain Ros an Mhíl agus chun carrchlós agus bonneagar coimhdeach a fhorbairt ann.

Tá na hoibreacha ar tí a gcríochnaithe chun foirgneamh seirbhísí leasa a thógáil ina mbeidh seomraí feistis, leithris agus cithfholcadáin, meaisíní níocháin agus triomadóirí; agus cuirfear láthair itheacháin ar fáil ina mbeidh áiseanna déanta tae/caife.

Táthar i mbun oibre faoi láthair chun an chéad chéim eile den fhorbairt a bhrú chun cinn. Rinne mo Roinn tairiscint le déanaí ar sheirbhísí innealtóirí comhairleacha agus tá sé i ndiaidh na hinnealtóirí úd a fhostú chun roghanna i dtaobh feabhsuithe ar an gCaladh Bád a chur chun cinn. Ceapadh an tairgeoir rathúil ar an 5 Samhain 2024.

Déanfaidh na comhairleoirí athbhreithniú agus scrúdú ar na roghanna ábhartha – cuirfidh siad san áireamh cead pleanála a deonaíodh cheana féin le haghaidh forbartha; agus ullmhóidh siad an doiciméadú tairisceana don chonradh tógála.

Tá sé beartaithe go gcuirfear an tionscadal chun cinn ar bhonn céimnithe faoi réir an mhaoinithe a bheidh ar fáil.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.