Written answers
Thursday, 7 November 2024
Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht
Seirbhísí trí Ghaeilge
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
189. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cén fáth nach bhfuil an Bille um Údarás na Gaeltachta, 2024, nó na treoirlínte pleanála Gaeltachta a bhí le réiteach idir a Roinn agus an Roinn Tithíochta, Rialtas Áitiúil agus Oidhreachta, nó athbhunú Scéim Labhairt na Gaeilge, nó plean ina leagtar amach gníomhartha le cur i bhfeidhm do sheirbhísí poiblí trí Ghaeilge agus chun an sprioc earcaíochta 20% a bhaint amach, nó cur i bhfeidhm iomlán na bhforálacha in Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021, ar rudaí iad go léir a bhí geallta ag an Rialtas seo, tar éis tarlú faoin Rialtas seo [45508/24]
Catherine Martin (Dublin Rathdown, Green Party)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá an tábhacht a bhaineann leis an nGaeilge mar chéad teanga an Stáit, mar theanga bheo, agus mar dhlúthchuid d’oidhreacht an oileáin seo aitheanta sa Chlár Rialtais reatha. Chuige sin, tá dúthracht an Rialtais faoi infheictheacht ár dteanga dúchais a mhéadú agus a húsáid laethúil sa phobal a mhéadú le tabhairt faoi deara sna gealltanais a cuireadh san áireamh sa Chlár. Ina measc siúd, tugadh gealltanais:
- Bille na dTeangacha Oifigiúla a láidriú agus a achtú faoi dheireadh na bliana 2020 agus athbhreithnithe tréimhsiúla a chur san áireamh chun monatóireacht a dhéanamh ar an sprioc fhoriomlán maidir lena chinntiú go mbeadh 20% d’fhostaithe nua na seirbhíse poiblí ina gcainteoirí Gaeilge.
- Athbhreithniú a dhéanamh ar struchtúir eagraíochtúla agus rialachais Údarás na Gaeltachta, lena n-áirítear an próiseas roghnúcháin/toghcháin chuig an mBord.
- foilsiú an chéad Plean Náisiúnta um Sheirbhísí Phoiblí Gaeilge riamh ó bunaíodh an Stát; agus,
- foilsiú an Bhille um Údarás na Gaeltachta (Leasú) 2024 ar mhaithe le toghcháin Údarás na Gaeltachta a thabhairt ar ais agus é a thabhairt tríd an Dara Céim i nDáil Éireann.
Ní mór dom chomh maith aird an Teachta a tharraingt ar roinnt chlochmhílte eile maidir leis an teanga atá bainte amach le linn téarma an Rialtais seo. San aireamh anseo, tá:
- deireadh curtha leis an maolú ar úsáid na Gaeilge in institiúidí an Aontais Eorpaigh ar 31 Nollaig 2021;
- foilsiú an Straitéis do na hEalaíona Teangabhunaithe agus maoiniú suntasach ceadaithe ar mhaithe len é a chur i bhfeidhm;
- foilsiú an chéad Plean Digiteach don Ghaeilge riamh;
- seoladh Ghréasán Gaeilge na Seirbhíse Phoiblí ar mhaithe le tacú le feidhmiú na reachtaíochta teanga nua; agus,
- an teanga a bheith níos feiceálaí na riamh sna meáin de bharr feidhm a bheith tugtha d'fhoráil fógraíochta an Acht Teanga nua.
Maidir leis na treoirlínte pleanála Gaeltachta a bhfuil tagairt déanta ag an Teachta dóibh, tá obair fós ar bun ag an Roinn Tithíochta, Rialtas Áitiúil agus Oidhreachta, i gcomhairle le mo Roinn, ar mhaithe le n-iad a fhoilsiú in am trátha.
No comments