Written answers
Wednesday, 6 November 2024
Department of Public Expenditure and Reform
Earcaíocht san Earnáil Phoiblí
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
54. To ask the Minister for Public Expenditure and Reform an bhfuil sé beartaithe go mbeidh comórtais faoi leith do Príomhoifigigh Chúnta agus róil shinsearacha eile mar sin sa státseirbhís a mbeidh líofacht sa Ghaeilge riachtanach ina leith, mar atá comórtais oscailte cheana féin do róil níos sóisearaí ar nós Oifigeach Feidhmiúcháin, agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh i gcomhthéacs an sprioc earcaíochta 20%. [45462/24]
Paschal Donohoe (Dublin Central, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá poistphoiblí (an tSCP) lántiomanta na dualgais atá acu faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla agus na spriocanna earcaíochta atá ann a bhaint amach. Faoi na spriocanna sin, tá ceangal orainn a chinntiú go mbeidh 20 faoin gcéad, ar a laghad, de na hearcaithe go léir sa tseirbhís phoiblí ina gcainteoirí líofa Gaeilge faoi 2030.
Ina thaobh seo, d’fhógair poistphoiblí roinnt comórtas faoi leith le 12 mhí anuas chun daoine a bhfuil líofacht sa Ghaeilge acu a earcú i ngráid ghinearálta na Státseirbhíse, lena n-áirítear dhá cheann d’Oifigigh Chléireachais (Deireadh Fómhair 2023 agus Meitheamh 2024), dhá cheann d’Oifigigh Feidhmiúcháin (Samhain 2023 agus Deireadh Fómhair 2024), agus ceann amháin le d’Ardoifigigh Feidhmiúcháin (Samhain 2023).
Níl pleananna ann faoi láthair comórtais faoi leith a reáchtáil chun daoine a bhfuil líofacht sa Ghaeilge acu a earcú mar Phríomhoifigigh Chúnta nó sna Gráid Ghinearálta shinsearacha eile sa Státseirbhís. D’fhógair poistphoiblí comórtas le déanaí do Phríomhoifigigh Chúnta (Gnáthscála) sa Státseirbhís, agus laistigh den chomórtas seo, bhí an rogha ag na hiarrthóirí iarratas a dhéanamh ar an Sruth ar leith don Ghaeilge, do phoist a thagann chun cinn le linn thréimhse an chomórtais, agus ina bhfuil scileanna Gaeilge riachtanach. Tá sé beartaithe go líonfar folúntais a thiocfaidh chun cinn, sa chás go bhfuil foireann ag teastáil sna poist sin chun réimse iomlán seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge, rud a bhraithfidh ar an éileamh a bheidh ann ó na cliaint. Sa chás gur thug iarrthóir le fios go bhfuil spéis acu sa sruth ar leith don Ghaeilge, agus má éiríonn leo i ngach céim eile den phróiseas roghnúcháin, beidh orthu dul faoi mheasúnú sa bhreis i nGaeilge, sula measfar do phost dá leithéid iad.
Tá poistphoiblí i dteagmháil le ranna faoi láthair chun líon beag post a líonadh ag leibhéal an Phríomhoifigigh Chúnta tríd an gcomórtas ó 2022 do Phríomhoifigigh Chúnta (Gnáthscála), sa chás gur roghnaigh an t-iarrthóir dul isteach sa Sruth ar leith don Ghaeilge do phoist ina bhfuil scileanna Gaeilge ag teastáil.
Déanann poistphoiblí athbhreithniú go leanúnach ar an riachtanas atá ann comórtais ar leith a reáchtáil chun daoine a bhfuil líofacht sa Ghaeilge acu a earcú do róil ar leith agus do ghráid ar leith, rud a bhraitheann ar éilimh na gcliant ar fud na Státseirbhíse agus na seirbhíse poiblí.
No comments