Written answers

Tuesday, 5 November 2024

Department of Education and Skills

Scoileanna Gaeilge agus Gaeltachta

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

32. To ask the Minister for Education and Skills cén obair a rinne sí i dtaca leis an ngealltanas sa Chlár Rialtais chun líon na ndaltaí i scoileanna lán-Ghaeilge a dhúbailt sa chomhthéacs go bhfuil an líon sin anois tar éis titim ó thosaigh sí mar Aire. [44973/24]

Photo of Norma FoleyNorma Foley (Kerry, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an Teachta as a cheist.

Tuigim an ról an-tábhachtach atá ag an gcóras oideachais chun an Ghaeilge a chur chun cinn, agus an stádas ar leith atá ag scoileanna Gaeltachta agus scoileanna lán-Ghaeilge maidir le caomhnú agus neartú na teanga.

Tá dul chun cinn fiúntach déanta ag mo roinn le blianta beaga anuas maidir le cur i bhfeidhm an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta. Chabhraigh an polasaí go mór leis an soláthar lán-Ghaeilge a neartú i gceantair Ghaeltachta. Faoin Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta, tá os cionn 120 scoil aitheanta Gaeltachta anois ag cur oideachas trí mheán na Gaeilge ar fáil do pháistí agus do dhaoine óga ina gceantair.

Mar thoradh ar obair chrua agus dúthracht na múinteoirí, na bpríomhoidí agus na scoláirí, tá aitheantas mar Scoil Ghaeltachta bronnta ar bhreis agus 120 scoil. Bhí ceithre ócáid ar siúl i mí Dheireadh Fómhair 2024 chun ceiliúradh a dhéanamh ar an méid atá bainte amach ag na scoileanna, agus ba mhaith liom tréaslú leo arís as an stádas oifigiúil seo a fháil.

Maidir leis an soláthar don oideachas lán-Ghaeilge níos leithne, tá méadú tagtha ar líon na scoileanna lán-Ghaeilge go 299 in 2024. Ón mbliain 2013, tá €840 milliún infheistithe ag mo roinn i bhfoirgnimh scoile nua chun tacú leis an oideachas lán-Ghaeilge. Ó thosaigh mise mar Aire Oideachais in 2020, tá ceithre Ghaelscoil agus Gaelcholáiste nua amháin bunaithe ag an roinn.

Mar is eol don Teachta, fógraíodh le linn an tsamhraidh go mbeidh Scoil na mBráithre Críostaí, Sráid Synge, ag athrú go soláthar lán-Ghaeilge, ag tosú in 2026. Is forbairt iontach í seo a chuirfidh leis an soláthar iar-bhunscoile lán-Ghaeilge i ndeisceart chathair Bhaile Átha Cliath.

Tá obair ar siúl i mo roinn faoi láthair chun polasaí nua a fhorbairt don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht. Agus an polasaí nua á fhorbairt againn, beidh iniúchadh á dhéanamh ar bhealaí inar féidir cur leis an soláthar don oideachas lán-Ghaeilge. Chomh maith leis sin, beifear ag fiosrú conas cur le líon na ndaltaí agus na scoláirí atá ag roghnú an oideachas lán-Ghaeilge.

Tá gach ceantar difriúil, agus chun cur le líon na ndaltaí san oideachas lán-Ghaeilge, beidh orainn go léir – an roinn, scoileanna, pátrúin agus páirtithe leasmhara eile – comhoibriú le chéile chun toradh dearfach a bhaint a bhaint amach.

Chun bonn eolais a chur faoin bpolasaí nua, reáchtáladh próiseas comhairliúcháin cuimsitheach. D’éisteamar le tuairimí réimse leathan páirtithe leasmhara, lena n-áirítear daltaí agus scoláirí. Rinne Sealbhú, ionad taighde in DCU, anailís ar an eolas a bailíodh le linn an chomhairliúcháin, agus d’ullmhaigh siad sraith tuairiscí don roinn.

Chomh maith leis sin, rinne Sealbhú athbhreithniú ar an litríocht náisiúnta agus idirnáisiúnta freisin. Díríonn an taighde ar mhúineadh trí theangacha mionlaigh i dtíortha éagsúla go hidirnáisiúnta.

Agus an polasaí nua seo á fhorbairt, tá mo roinn ag baint leas as na tuarascálacha atá ullmhaithe ag Sealbhú agus as eolas a roinn páirtithe leasmhara linn le linn cruinnithe le hoifigigh na roinne. Tá an polasaí, mar aon le plean gnímh, á fhorbairt ag oifigigh mo roinne faoi láthair.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.