Written answers
Tuesday, 5 November 2024
Department of Transport, Tourism and Sport
Reachtaíocht um Thrácht ar Bhóithre
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
231. To ask the Minister for Transport, Tourism and Sport an bhfuil i gceist na rialacháin, atá ann nach féidir ceadúna tiomána aicme C a athnuachan gan na cáilíochtai a bhaint amach arís mura mbeidh an t-athnachan déanta roimh dáta éagtha an cheadúnais, a leasú le gur féidir athnuachan a dhéanamh mura bhfuil sé rite amach i bhfad; an fáth go bhfuil an riail seo ann; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [44808/24]
James Lawless (Kildare North, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
De ghnáth, eisítear ceadúnas tiomána trucaile (catagóir C) ar feadh 5 bliana agus is féidir é a athnuachan suas le 10 mbliana tar éis an dáta éaga.
Chun tiomáint go gairmiúil, ní mór do thiománaí ceadúnas tiomána bailí chomh maith le Deimhniú ar Inniúlacht Ghairmiúil (CPC) a bheith aige/aici.
Eisítear CPC, i bhformhór na gcásanna, ar feadh cúig bliana tar éis don tiománaí an oiliúint is gá a chur i gcrích.
I gcás nach raibh an tiománaí ag tiomáint go gairmiúil agus go bhfuil an cárta CPC imithe in éag, beidh ar an tiománaí 35 uair an chloig d’oiliúint thréimhsiúil a chur i gcrích chun an CPC a athnuachan.
Nuair atá ceadúnas tiomána imithe in éag, níl cead ag an tiománaí tiomáint fiú mura bhfuil an CPC imithe in éag aige/aici.
Sa chás go bhfuil an ceadúnas tiomána agus an CPC araon imithe in éag, ní mór don tiománaí an ceadúnas tiomána a athnuachan (nó an próiseas foghlama tiománaí a chur i gcrích arís má tá an chatagóir ceadúnais imithe in éag le níos mó ná 10 mbliana) agus an CPC a athnuachan chun tiomáint go gairmiúil arís.
Leagtar oiliúint CPC do thiománaithe gairmiúla amach i ndlí an Aontais Eorpaigh le TREOIR (AE) 2022/2561 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE ar an 14 Nollaig 2022 maidir le cáiliú tosaigh agus le hoiliúint thréimhsiúil tiománaithe feithiclí áirithe bóthair i gcomhair iompar earraí nó paisinéirí (códú) agus a thrasuíodh i ndlí na hÉireann le Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Deimhniú ar Inniúlacht Ghairmiúil do Thiománaithe Feithicle) (Uimh. 2) 2008 (IR 359 de 2008), arna leasú
A truck driving licence (category C) is generally issued for five years and can be renewed up to 10 years after the date of expiry. In order to drive professionally, a driver is required to have a valid driving licence and a Certificate of Professional Competence (CPC). A CPC is, in most cases, issued for five years after the driver has completed the required training.
Where a driver has not been driving professionally and the CPC card has expired, the driver will have to complete 35 hours of periodic training to renew the CPC. When a driving licence is expired the driver cannot drive even if the driver has a CPC that has not expired.
Where, both the driving licence and the CPC are expired, the driver must renew the driving licence (or complete the driver learning process again if the licence category is expired by more than 10 years) and renew the CPC in order to drive professionally again.
CPC training for professional drivers is set out in European Union law by DIRECTIVE (EU) 2022/2561 OF THE EUROPEAN PARLIAMENT AND OF THE COUNCIL of 14 December 2022 on the initial qualification and periodic training of drivers of certain road vehicles for the carriage of goods or passengers (codification) and transposed into Irish law by the European Communities (Vehicle Drivers Certificate of Professional Competence) (No. 2) Regulations 2008 (SI 359 of 2008), as amended.
No comments