Written answers

Tuesday, 5 November 2024

Department of Agriculture, Food and the Marine

Scéimeanna Talmhaíochta

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

856. To ask the Minister for Agriculture, Food and the Marine an bhfuil sé i gceist ag a Roinn fiosrúchán a dhéanamh faoi cén fáth ar tharraing beagnach 50% de na feirmeoirí in Oileáin Árann a bhí páirteach in Acres Tranche 2 as an scéim i mbliana ag tógáil san áireamh an tábhacht a bhaineann leis na hoileáin ó thaobh na heiceolaíochta de agus an tábhacht a bhaineann dá bharr le feirmeoireacht ard-eiceolaíochta ar na hoileáin; agus an ndearna a Roinn teagmháil leis na feirmeoirí lena fháil amach cén fáth ar fhág an oiread acu an scéim; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [44795/24]

Photo of Charlie McConalogueCharlie McConalogue (Donegal, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is beart deonach é páirt a ghlacadh sa Scéim Timpeallachta Tuaithe Talmhaíochta agus Aeráide (ACRES). Toisc gur tiomantas cúig bliana atá ann, bheadh coinne leis go dtarraingeodh roinnt daoine siar i rith na tréimhse sin. Níl aon cheanglas ar rannpháirtithe cúis ná míniú a thabhairt as tarraingt siar ón Scéim, a d’fhéadfadh tarlú de bharr athrú ar imthosca nó roghanna eile a bheith ar fáil don fheirmeoir, amhail rannpháirt a ghlacadh i scéimeanna eile agus i roghanna malartacha talamhúsáide. Tarlaíonn roinnt mhaith tarraingtí siar de thoradh scoir agus breoiteachta freisin.

Óir tá Oileáin Árann suite i Limistéar Comhair ACRES, rachaidh mo Roinnse faoi dhéin na Foirne ábhartha den Tionscadal Comhair ACRES, is é sin ACRES Bhoirne Árann, lena fháil amach an bhfeictear dóibh aon fhadhbanna sonracha a bheith taobh thiar den líon tarraingtí siar sin, agus cuirfidh sí an Teachta ar an eolas go díreach faoi aon fhadhb ábhartha a fheictear.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.