Written answers
Tuesday, 22 October 2024
Department of Education and Skills
Teagasc na Gaeilge
Sorca Clarke (Longford-Westmeath, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
367. To ask the Minister for Education and Skills an ndeanfaidh sí athbhreithniú ar an gcóras grádála atá á chur i bhfeidhm ar an gcúrsa Gaeilge i scoileanna T1. [42984/24]
Norma Foley (Kerry, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Le héifeacht ón mbliain 2017, mar chuid den Chreat don tSraith Shóisearach, tá dhá shonraíocht nua i gceist leis an soláthar Sraithe Sóisearaí do Ghaeilge in iar-bhunscoileanna agus i suíomhanna. Tá sonraíocht T1 (Teanga 1) dírithe ar scoláirí i scoileanna lán-Ghaeilge agus ar scoláirí i scoileanna lán-Bhéarla a fhoghlaimíonn ábhar amháin nó níos mó (seachas Gaeilge) trí mheán na Gaeilge. Tá sonraíocht T2 (Teanga 2) dírithe ar scoláirí eile i scoileanna lán-Bhéarla.
I sonraíocht T1, cuirtear na riachtanais teanga atá ag cainteoirí dúchais Gaeilge agus na riachtanais teanga atá ag foghlaimeoirí Gaeilge araon san áireamh. Baineann ríthábhacht le heispéiris shaibhrithe foghlama teanga a sholáthar do gach scoláire, go háirithe na scoláirí sin ar cainteoirí dúchais Gaeilge iad. Baineann na scoláirí sin úsáid as an teanga ar bhonn laethúil, sa bhaile, sa chomharsanacht agus ar scoil. Mar gheall ar a dtimpeallacht teanga láithreach, tá acu scileanna teanga táirgiúla agus glacaí atá measartha dea-fhorbartha. Tá sé mar aidhm leis an tsonraíocht sin raon iomlán scileanna teanga na scoláirí a fhorbairt, a shaibhriú agus a bhreisiú.
Táthar ag súil go dtacóidh na hinniúlachtaí agus na tuiscintí ón tsonraíocht sin le cainteoirí dúchais Gaeilge na nithe seo a leanas a dhéanamh:
- leas a bhaint as na deiseanna le haghaidh úsáid na teanga sa phobal;
- an Ghaeilge a fhoghlaim ar fud an churaclaim; agus
- páirt ghníomhach a ghlacadh i saol an phobail sa Ghaeltacht.
Ós rud é go bhfuil freagracht reachtúil ar Choimisiún na Scrúduithe Stáit as nithe oibriúcháin a bhaineann leis na scrúduithe stáit, mholfainn duit aon cheist leantach a chur ar an gCoimisiún le haghaidh freagra díreach uaidh.
No comments