Written answers

Tuesday, 22 October 2024

Department of Housing, Planning, and Local Government

An Ghaeltacht

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

83. To ask the Minister for Housing, Planning, and Local Government maidir leis na Treoirlínte Tithíochta Gaeltachta, cé mhéad cruinniú a bhí ann idir oifigigh óna Roinn agus oifigigh ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán le trí bliana anuas agus cad é toradh na gcruinnithe sin; agus an bhfoilseofar na miontuairiscí a ghabhann leo. [42507/24]

Photo of Darragh O'BrienDarragh O'Brien (Dublin Fingal, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá Grúpa Idir-Rannach (a chuimsíonn mo Roinnse, an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon Gaeltachta, Spóirt agus Meán (RTCEGSM) agus Údarás na Gaeltachta) fós ag leanúint lena chuid oibre chun treoir phleanála faoi leith a fhorbairt do cheantair Ghaeltachta. Tá Grúpa Oibre ar leith ann chomh maith atá comhdhéanta de mo Roinn, RTCEGSM agus Údarás na Gaeltachta agus na húdaráis áitiúla ábhartha a bhaineann le ceantair Ghaeltachta.

Ag cruinniú an Ghrúpa Idir-Rannaigh ar an 15 Nollaig 2022, comhaontaíodh go gcuirfeadh an RTCEGSM tús le staidéar in 2023 ar mhodheolaíocht agus ar fhormáid na Ráiteas Tionchair Teangeolaíochta mar phríomhghnéithe de threoirlínte pleanála do cheantair Ghaeltachta amach anseo. Tá an staidéar sin á ordú ag an Roinn Turasóireachta. Bhí cruinnithe an Ghrúpa Idir-Rannaigh agus an Ghrúpa Oibre ar siúl in 2023 agus leanadh le rannpháirtíocht dhéthaobhach na Roinne in 2024 agus tá an rannpháirtíocht sin ar siúl go leanúnach.

Tá na dréacht-treoirlínte pleanála do cheantair Ghaeltachta á dtabhairt chun críche faoi láthair le go ndéanfaidh mé athbhreithniú orthu ar an gcéad ásc agus ansin go ndéanfaí scagadh éigeantach faoi dhlí an AE do Mheasúnacht Straitéiseach Timpeallachta (MST), agus chun críoch Measúnachta Cuí (MC) freisin. Tá sé i gceist, faoi réir thoradh na gcleachtaí scagtha, go bhfoilseofar dréacht-treoirlínte ansin le haghaidh comhairliúchán poiblí.

Beidh gach eagras áitiúil i gceantair Ghaeltachta agus gach duine den phobal lena n-áirítear grúpaí teanga in ann a gcuid tuairimí a chur isteach maidir leis an dréacht le linn na céime comhairliúcháin sin lena meas ag mo Roinnse.

Tá sé ar intinn agam na Treoirlínte sin a fhoilsiú, ag féachaint don ghá atá ann na hábhair chasta atá i gceist a bhreithniú agus tuilleadh rannpháirtíochta a dhéanamh leis an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán.

Maidir leis sin, agus ag tabhairt faoi deara an tábhacht a bhaineann le comhairliúchán ar na hábhair seo chun a chinntiú go mbainfear seasamh beartais láidir agus éifeachtach amach, tá sé i gceist agam beartas beartaithe a fhoilsiú

cur chuige maidir le comhairliúchán a luaithe is féidir chun bonn eolais a chur faoi thabhairt chun críche na ndréacht-treoirlínte.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.