Written answers
Thursday, 10 October 2024
Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht
Caiteachas Ranna
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
180. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht céard iad na haicmí deontais nabh bhfuil fógraithe fós faoin gClár Caipitil agus Trealaimh Spóirt; cén uair a fhógrófar iad; and if she will make a statement on the matter. [40812/24]
Thomas Byrne (Meath East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Ar an 25 Meán Fómhair, d’fhógair mise agus an tAire Martin €230 milliún i ndeontais do chlubanna agus áiseanna spóirt faoi chéim 2 den gCiste Áiseanna Spóirt Poiblí (ar a dtugtaí an Clár um Chaipiteal agus Trealamh Spóirt roimhe seo).
Tá os cionn ceathrú billiúin euro anois leithdháilte ar chlubanna agus áiseanna spóirt pobail in 2024, ag tabhairt san áireamh an leithdháileadh níos luaithe i mbliana de luach €26 milliún a bhain le trealamh amháin, a fhágann gurb ionann an infheistíocht iomlán agus €256 milliún. Leis seo, éascófar an infheistíocht is mó riamh in áiseanna spóirt i bpobail ar fud na hÉireann.
Níl leithdháilte ar bith eile beartaithe taobh amuigh dóibh siúd a d’fhéadfadh teacht as an bpróiseas achomhairc. Ina gcás siúd, theip ar mhórchuid na n-iarratas neamhbhailí toisc nár thug an t-iarrthóir an chaipéisíocht cheart nuair a rinne siad an t-iarratas, nó nuair a tugadh deis eile dóibh é sin a dhéanamh. Cuireadh ríomhphoist chuig iarrthóirí nár éirigh leo inar tugadh na sonraí faoi cén fáth a ceapadh go raibh a n-iarratas neamhbhailí nó cén fáth a diúltaíodh do mhórchuid an deontais a bhí á lorg acu, agus tugadh cuireadh dóibh freisin achomharc a dhéanamh ar an gcinneadh ma chreideann siad go ndearna an Roinn botún ina measúnú.
Beidh oifigigh ón Roinn ar fáil chun cabhrú le hiarrthóirí le haon soiléirú atá ag teastáil, más mian leo achomharc a dhéanamh.
No comments