Written answers

Thursday, 19 September 2024

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Údarás na Gaeltachta

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

36. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cén maoiniú agus cén tacaíocht atá á gcur ar fáil trí Údarás na Gaeltachta chun an bhrandáil a dhéantar ar Ghaeltacht Mhúscraí a neartú agus chun níos mó aitheantais a thabhairt di, agus ar mhaithe le turasóireacht a chur chun cinn ann, os rud é go bhfuil seachbhóthar N22 oscailte anois; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [37016/24]

Photo of Thomas ByrneThomas Byrne (Meath East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tuigtear dom ó Údarás na Gaeltachta go bhfuil siad ag cur béim mhór ar fhorbairt agus ar chur chun cinn Gaeltacht Mhúscraí, go háirithe anois agus an seachbhóthar N22 oscailte. Tá roinnt tionscadal agus tionscnamh á maoiniú agus á dtacú acu chun brandáil agus aitheantas na Gaeltachta a neartú agus chun turasóireacht a chur chun cinn.

Tá na tacaíochtaí a leanas á gcur ar fáil ag Údarás na Gaeltachta do Ghaeltacht Mhúscraí:

Deontas Reáchtála: Tá deontas reáchtála á íoc le Comharchumann Mhúscraí go bliantúil. Freisin, tá an Comharchumann ag feidhmiú mar cheanneagraíocht Pleanála Teanga sa cheantar agus buiséad á chur ar fáil dóibh chuige sin. Tá Múscraí mar chuid den Phlean Forbartha Eispéareas de chuid Fáilte Éireann ag a bhfuil ionadaíocht ag an Údarás ar an ngrúpa feidhme.

Scéim Forbartha Turasóireachta: Tríd an scéim forbartha turasóireachta, tá €60,000 curtha ar fáil do Comharchumann Muscraí chun oifigeach a earcú ar mhaithe le plean turasóireachta a chur i bhfeidhm.

Tionscadail Brandála: Tá branda Gaeltacht na hÉireann de chuid Údarás na Gaeltachta cruthaithe chun aitheantas na Gaeltachta a fheabhsú. Áirítear leis seo feachtais mhargaíochta a fhorbairt chun an ceantar a chur ar an léarscáil turasóireachta.

Forbairt Turasóireachta: Tá tacaíocht á cur ar fáil do thionscadail turasóireachta a chuireann béim ar chultúr agus ar theanga na Gaeltachta. Táthar ag díriú ar thionscadail a mheallann cuairteoirí agus a chuireann le heispéireas na gcuairteoirí. Tá an chéad cruinniú eile den ghrúpa feidhme seo i Múscraí an mhí seo chugainn agus beidh ról, riachtanais, agus éilimh earnáil na turasóireachta i nGaeltacht Mhúscraí á bplé.

Comhoibriú Leis an Phobal: Tá Údarás na Gaeltachta ag obair go dlúth le Comharchumann Muscraí chun tionscadail a fhorbairt a thacaíonn le fiontraíocht áitiúil agus a chruthaíonn deiseanna fostaíochta.

Tuigim ón Údarás go bhfuil siad tiomanta leanúint ar aghaidh ag tacú le forbairt na Gaeltachta agus ag cur chun cinn na turasóireachta sa cheantar. Táthar ag súil go mbeidh tionchar dearfach ag oscailt an seachbhóthair N22 ar an gceantar, ag feabhsú rochtana agus ag mealladh níos mó cuairteoirí.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.