Written answers

Thursday, 19 September 2024

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Culture Policy

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

25. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an mbeidh a Roinn ag cur aon tacaíocht ar fáil d’Oireachtas Rince na Cruinne atá le reachtáil i mBaile Átha Cliath in 2025; cad iad na bealaí inar féidir le comórtais mhóra dhomhanda damhsa cur isteach ar mhaoiniú óna Roinn; an bhfuil aon sruth maoinithe ann óna Roinn dírithe ar ealaín iomaíoch ina bhfuil comórtas lárnach sa gcomhthéacs nach dtugann an Chomhairle Ealaíon maoiniú dá leithéid agus nach dtagann eagrais rince faoi scáth Spórt Éireann; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [37067/24]

Photo of Catherine MartinCatherine Martin (Dublin Rathdown, Green Party)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ní chuireann mo Roinn maoiniú ar fáil do chomórtais rince.

De ghnáth, ní thugann Comhairle Ealaíon na hÉireann maoiniú i leith comórtas damhsa, toisc go bhfuil sí dírithe ar thacaíocht a thabhairt i leith saothar ealaíonta a fhorbairt agus a chruthú, in áit imeachtaí iomaíocha.

Is é misean na Comhairle ná léiriú ealaíonta a chothú, nuálaíocht a spreagadh, agus deiseanna a chur ar fáil d’ealaíontóirí chun a saothar a chruthú agus a chur i láthair.

Ina theannta sin, cuireann an Chomhairle Ealaíon béim ar ionchuimsiú, rochtain ar na healaíona, agus forbairt ghairmiúil ealaíontóirí, agus bíonn a tosaíochtaí maoinithe ag teacht le tionscadail a chuireann leis an tírdhreach chultúrtha i gcoitinne, cosúil le tionscnaimh oideachasúla, forbairt ghairmiúil, agus léiriúcháin nua.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.