Written answers

Thursday, 19 September 2024

Department of Housing, Planning, and Local Government

Planning Issues

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

85. To ask the Minister for Housing, Planning, and Local Government further to Parliamentary Question No. 1173 of 23 July 2024, the status of the draft planning guidelines for Gaeltacht areas; when the guidelines will be published; when the consultation process will begin; the details of the consultation process; and if he will make a statement on the matter. [36717/24]

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

178. To ask the Minister for Housing, Planning, and Local Government an bhfuil obair an ghrúpa idir-Rannach i dtaobh na dtreoirlínte pleanála don Ghaeltacht críochnaithe; an bhfuil tuarascáil ar fáil, agus cén uair a fhoilseofar í; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [36736/24]

Photo of Darragh O'BrienDarragh O'Brien (Dublin Fingal, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

I propose to take Questions Nos. 85 and 178 together.

Tá Grúpa Idir-Rannach (ina bhfuil mo Roinnse, an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, agus Údarás na Gaeltachta) fós ag leanúint lena chuid oibre ag forbairt treoir phleanála faoi leith do cheantair Ghaeltachta. Bhí roinnt cruinnithe den Ghrúpa Idir-Rannach ar siúl in 2023, agus táthar ag leanúint leis an rannpháirtíocht dhéthaobhach Roinne.

Tá Grúpa Oibre eile ann freisin ina bhfuil an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Údarás na Gaeltachta agus na húdaráis áitiúla ábhartha a bhfuil ceantair Ghaeltachta acu páirteach. Ag cruinniú an Ghrúpa Idir-Rannaigh ar an 15 Nollaig 2022, comhaontaíodh go dtosódh an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán staidéar ar mhodheolaíocht agus formáid do Ráitis Tionchair Teanga mar phríomhghnéithe na treoirlínte pleanála do cheantair Ghaeltachta sa todhchaí. Tá an staidéar sin á ordú ag an Roinn Turasóireachta.

Tá bailchríoch á cur ar na dréacht-treoirlínte pleanála do cheantair Ghaeltachta faoi láthair do m'athbhreithniú i dtosach báire agus ansin do scagadh éigeantach faoi dhlí an AE maidir le Measúnú Straitéiseach Comhshaoil (MSC), agus chun críocha Measúnachta Cuí (MC) freisin. Tá sé i gceist, faoi réir thoradh na gcleachtaí scagtha, go bhfoilseofar dréacht-treoirlínte ansin le haghaidh comhairliúchán poiblí.Beidh gach eagras áitiúil i gceantair Ghaeltachta agus gach duine den phobal lena n-áirítear grúpaí teanga in ann a gcuid tuairimí a chur isteach maidir leis an dréacht le linn na céime comhairliúcháin sin lena meas ag mo Roinnse.

Tá sé ar intinn agam na Treoirlínte sin a fhoilsiú, ag féachaint don ghá atá ann na hábhair chasta atá i gceist a bhreithniú agus tuilleadh rannpháirtíochta a dhéanamh leis an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán.

Maidir leis sin, lena n-airítear an tábhacht a bhaineann le comhairliúchán a dhéanamh ar na hábhair sin chun a chinntiú go bhfuil seasamh beartais atá láidir agus éifeachtach sroichte, tá sé mar aidhm agam cur chuige beartais a mholtar a fhoilsiú le haghaidh comhairliúcháin chomh luath agus is féidir, chun eolas a dhéanamh do bhailchríoch na ndréacht-treoirlínte.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.