Written answers
Tuesday, 23 July 2024
Department of Education and Skills
Seirbhísí Oideachais Leanúnaigh agus Scileanna
Mairéad Farrell (Galway West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
2603.To ask the Minister for Education and Skills Chun a fhiafraí den Aire Breisoideachais agus Ardoideachais; Taighde; Nuálaíochta agus Eolaíochta maidir le Ceist Pharlaiminte Uimh. 264 ar an 27 Meitheamh 2024, an dtabharfaidh sé nuashonrú ar an ábhar.; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [31561/24]
Niall Collins (Limerick County, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá oifigigh i mo Roinnse tar éis fiosrúchán a dhéanamh, thar do cheann, le SOLAS agus tá sé curtha in iúl acusan gurb é an costas bliantúil measta a bhain le cúrsaí Gaeilge a sholáthar trí dheich mBord Oideachais agus Oiliúna in 2024 ná €345,200. In 2023, ghlac thart ar 1,459 foghlaimeoir uathúla páirt i gcúrsaí Gaeilge sceidealaithe ar fud cláir éagsúla, lena n-áirítear litearthacht d'aosaigh agus oideachas pobail.
No comments