Written answers
Tuesday, 23 July 2024
Department of Justice and Equality
Seirbhísí trí Ghaeilge
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
1609.To ask the Tánaiste and Minister for Justice and Equality cé na céimeanna atá á nglacadh le déanamh cinnte go bhfuil dóthain Breitheamh den Chúirt Dúiche ann a bhfuil ar a gcumas cásanna a éisteacht i nGaeilge le cinntiú, go mór mór i gceantracha Cúirte Dúiche a bhfuil Gaeltachtaí iontu, go mbeidh rogha ag daoine atá os comhair cúirte a gcásanna a phlé trí Ghaeilge; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [33723/24]
Helen McEntee (Meath East, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Mar is eol don Teachta, faoi fhorálacha an Achta um Sheirbhís Chúirteanna, 1998, is ar an tSeirbhís Chúirteanna, atá neamhspleách ag feidhmiú a feidhmeanna di, atá freagracht as bainistiú na gcúirteanna. Ina theannta sin, is faoi Uachtaráin na gCúirteanna agus na breithiúna ceannais go huile is go hiomlán atá sceidealú cásanna cúirte aonair agus leithroinnt gnó cúirte, agus, faoin mBunreacht, tá siad neamhspleách maidir lena bhfeidhmeanna breithiúnacha a fheidhmiú.
Chuireas fiosruithe á ndéanamh, áfach, agus tá dearbhaithe ag an tSeirbhís Chúirteanna, cé nach gcoimeádann an tSeirbhís sainphainéal de bhreithiúna a bhfuil Gaeilge ar a dtoil acu, go bhfuil 10 Breitheamh ag an gCúirt Dúiche a bhfuil Gaeilge líofa acu agus ar féidir leo cásanna a stiúradh i nGaeilge.
Tá an Rialtas tiomanta de dheimhin a dhéanamh de go mbíonn acmhainní leordhóthanacha ag na cúirteanna d’fhonn rochtain ar an gceartas a choinneáil ar bun do na saoránaigh go léir, lena n-áirítear na saoránaigh ar mian leo go ndéanfaí imeachtaí a stiúradh trí mheán na Gaeilge. Agus an méid sin á chur san áireamh, féachann an Rialtas le folúntais bhreithiúnacha a líonadh chomh luath agus is féidir leo, agus chun a chinntiú go leanann ár gcúirteanna orthu ag feidhmiú chomh héifeachtach agus chomh heifeachtúil agus is féidir.
áirítear ceanglas san Acht fán gCoimisiún um Cheapacháin Bhreithiúnacha, 2023, go gcuimhneodh an Coimisiún um Cheapacháin Bhreithiúnacha, agus moltaí á ndéanamh acu maidir le ceapachán breithiúnach, ar riachtanais úsáideoirí na gcúirteanna i dtaca le himeachtaí a bheith á stiúradh trí mheán na Gaeilge. Déantar foráil den tsamhail chéanna san Acht maidir le haird a thabhairt ar riachtanais úsáideoirí cúirte den sórt sin sa tacar sainscileanna i gcomhair chomhaltas na breithiúnachta.
Tá obair ar siúl faoi láthair chun an Coimisiún um Cheapacháin Bhreithiúnacha a bhunú agus meastar go mbunófar an Coimisiún níos déanaí i mbliana.
Foráiltear thairis sin le hAcht na gCúirteanna Breithiúnais, 1924, go mbeidh, a mhéid is indéanta, Gaeilge ar a thoil nó ar a toil ag breitheamh a cheapfar do Dhúiche nó do Chuaird ina bhfuil líomatáiste Gaeltachta. Cuireann an Rialtas na forálacha sin san áireamh sa phróiseas breithnithe do na folúntais iomchuí.
No comments