Written answers

Tuesday, 23 July 2024

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

údarás na Gaeltachta

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

953.To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht maidir le Ceist Pharlaiminte Uimh. 14 ar an 30 Bealtaine 2024, an dtabharfaidh sí soiléiriú ar an obair athbhreithnithe atá déanta ag údarás na Gaeltachta i ndáil leis na córais agus leis an gcur chuige atá i ngníomh ag an údarás chun tacú le cur chun cinn na Gaeilge sna cliantchuideachtaí agus i ndáil leis na bealaí ina ndéantar an t-ábhar a bhaineann leo a riar; an dtabharfaidh sí soiléiriú ar stádas na scéime píolótaí; cé mhéad cliantchuideachta atá ag glacadh páirte sa scéim; an dtabharfaidh sí soiléiriú ar na téarmaí tagartha don scéim; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [33124/24]

Photo of Thomas ByrneThomas Byrne (Meath East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá céimeanna ullmhúcháin á dtógáil ag údarás na Gaeltachta chun an scéim phíolótach atá beartaithe a thairiscint do suas le 10 gcliantchomhlacht faoi thús an fhómhair. Is féidir go gcuirfí leis an líon cliaint ach breis maoinithe a bheith curtha ar fáil don údarás chuige sin i mbliana agus tá iarratas chuige sin á mheas ag mo Roinn faoi láthair.

Tá obair leanúnach ar siúl ag an eagraíocht le hábhar tacaíochta chomh maith le critéir agus córas mheasúnaithe a fhorbairt don scéim píolótach. Díríonn an scéim ar chomhoibriú le cliaint ar leith d’fhonn fostaí sa ghnó a aithint a bheadh sásta agus oilte feidhmiú mar áisitheoir Teanga ar feadh roinnt uaireanta an chloig gach seachtain. Tá sé beartaithe faoin scéim go mbeidh na hAisitheoirí seo agus na comhlachtaí ina bhfuil siad fostaithe ag comhoibriú leis an údarás le Plean Forbartha Gaeilge a fheidhmiú sa ghnó thar tréimhse trí bliana.

Beidh gá leis na hAisitheoirí Teanga a chumasú sa réimse seo trí chlár oiliúna a sheachadadh dírithe ar spriocanna an Phlean Forbartha Gaeilge a bhaint amach agus ar réimse leathan gníomhaíochtaí a chur i bhfeidhm bunaithe ar riachtanais an ghnó féin, riachtanais na bhfostaithe ar an láthair oibre chomh maith lena riachtanais teanga sa mbaile agus sa phobal.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.