Written answers

Tuesday, 23 July 2024

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Maoiniú d'Eagrais Ghaeilge

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

934.To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht faoi cén uair a dhéanfar cinneadh maidir le hiarratas ar dheontas ó eagraíocht (sonraí tugtha) chun trealamh a cheannach do naíonra Gaeltachta; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [32388/24]

Photo of Thomas ByrneThomas Byrne (Meath East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is trí Chlár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga mo Roinne a chuirtear cúnamh caipitil ar fáil do choistí agus eagraíochtaí cáilithe Gaeltachta chun áiseanna pobail, teanga agus caitheamh aimsire a fhorbairt nó a athchóiriú.

Tá plé ar bun ag oifigigh mo Roinne leis an scoil atá i gceist le beagnach bliain anuas maidir le naíonra a fhorbairt ar shuíomh na scoile ansin. Chun tacú leo an tseirbhís seo a bheith ar oscailt do Mhéan Fómhair 2024, tá glactha ag mo Roinn le hiarratas ón eagraíocht atá luaite ag an Teachta le gairid chun trealamh riachtanach a cheannach don tseirbhís seo. Tá an t-iarratas á mheas ag oifigigh mo Roinne faoi láthair agus fógrófar cinneadh ina leith go gairid.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.