Written answers

Tuesday, 23 July 2024

Department of Education and Skills

Folúntais ar Bhoird Stáit

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

641.To ask the Minister for Education and Skills cén fáth gur leanadh le ceapachán, agus fianaise shoiléir ann go raibh réamheolas ag feidhmeannacht agus bord de Bhord Oideachais agus Oiliúna ainmnithe (sonraí tughtha) le linn mhí Eanáir/mhí Feabhra go mbeadh deacrachtaí móra ann agus raic dá réir le grúpaí i bhfad roimh aon cheapachán a bheith déanta dá gceapfaí stiúrthóir scoileanna gan cumas feidhmiú trí Ghaeilge leis an mBord Oideachais agus Oiliúna ainmnithe, gan cumas Gaeilge a bheith lárnach agus riachtanach sa cheapachán sin [31428/24]

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

642.To ask the Minister for Education and Skills maidir leis an 70-80 duine atá fostaithe in ardoifig Bhord Oideachais agus Oiliúna ainmnithe (sonraí tugtha) atá ann le tacú le coláistí dara leibhéal an Bhoird agus seirbhísí breisoideachais den Bhord, pobail Ghaeltachta san áireamh, cén líon díobh siúd atá líofa sa Ghaeilge agus inniúil chun seirbhís a thabhairt do scoileanna Gaeltachta agus don phobal trí Ghaeilge; agus cén plean atá ag an mBord Oideachais agus Oiliúna leis seo a chur ina cheart. [31429/24]

Photo of Norma FoleyNorma Foley (Kerry, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

I propose to take Questions Nos. 641 and 642 together.

Mar fhostóir, is faoin BOO é féin earcú agus ceapachán ball foirne aonair ag BOO chuig poist cheadaithe, ag brath ar chomhlíonadh le próisis agus nósanna imeachta ábhartha earcaíochta.

Maidir le post an Stiúrthóra i BOO, níl aon riachtanas de chuid na Roinne Oideachais go mbeadh líofacht sa Ghaeilge de dhíth ar an duine a cheapfar.

Is faoin gach BOO atá sé chun socruithe den sórt sin a dhéanamh de réir mar is gá, lena n-áirítear maidir le cumas na mball foirne sa Ghaeilge, chun a n-oibleagáidí a chomhlíonadh maidir le soláthar seirbhísí poiblí trí mheán na Gaeilge.

Dá bhrí sin níl na sonraí a iarradh ag an Roinn maidir le líon na ndaoine fostaithe sa BOO lena mbaineann a bhfuil cumas sa Ghaeilge acu.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.