Written answers

Wednesday, 10 July 2024

Department of Education and Skills

Foirne Scoile

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

106. To ask the Minister for Education and Skills an bhfuil i gceist aici, de bharr easpa múinteoirí ionadaíochta, síneadh a chur leis an gcead do mhúinteoirí a bhfuil postroinnt á déanamh acu, chun ionadaíocht shealadach a dhéanamh ar laethanta nuair nach mbíonn siad ag múineadh; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [30430/24]

Photo of Norma FoleyNorma Foley (Kerry, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Réimse gníomhaíochta tosaíochta don Rialtas is ea a chinntiú gur dearfach atá eispéireas gach linbh ar scoil agus go bhfuil múinteoirí cáilithe gafa ar fáil chun cabhrú leo ina gcuid foghlama.

Mar fhreagairt do na saincheisteanna a cuireadh in iúl maidir leis an soláthar múinteoirí, chuir mo Roinn an srian ar ghabháil don teagasc ionaid a forchuireadh faoin Scéim Postroinnte, mar atá leagtha amach i gCaibidil 8 (Mír 11.1(a)) de Chiorclán 54/2019, ar fionraí do na scoilbhlianta 2021/22, 2022/23 agus 2023/24. Féadfar na múinteoirí sin a fhostú chun obair mar mhúinteoirí ionaid le linn na dtréimhsí a bhíonn siad as dualgas.

Tá an Roinn ag déanamh breithniú faoi láthair ar an mbeart sin a fhadú an athuair go dtí an scoilbhliain 2024/25.

Leanann mo Roinn le dlúthchaidreamh a dhéanamh le geallsealbhóirí oideachais chun bearta nuálacha breise a fhorbairt ar mhaithe le haghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna soláthar múinteoirí.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.