Written answers
Thursday, 27 June 2024
Department of Rural and Community Development
Na hOileáin amach ón gCósta
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
266. To ask the Minister for Rural and Community Development cad é an chionroinnt airgid atá curtha ar fáil faoin gClár SICAP Reatha do na hoileáin amach ó chósta na Gaillimhe; na blianta atá i gceist leis an gClár; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [27752/24]
Joe O'Brien (Dublin Fingal, Green Party)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Is é Clár um Chuimsiú Sóisialta agus Gníomhachtú Pobail (SICAP) mo Roinne, an príomh-idirghabháil cuimsithe shóisialta atá againn sa tír seo. Is clár náisiúnta é a chuireann Cuideachtaí Forbartha Áitiúla ar fáil i gceantair thuaithe agus i gceantair uirbeacha araon, chun cabhrú leo siúd is mó a bhfuil cabhair de dhíth orthu.
Mar is eol don Teachta, mar gheall ar chúinsí nach raibh aon súil leo, leathnaíodh an próiseas soláthair le haghaidh SICAP 2024 -2028 i gContae na Gaillimhe. Is féidir liom a dheimhniú anois gurb é Forbairt Tuaithe na Gaillimhe an tairgeoir ar éirigh lena thairiscint maidir le Clár SICAP 2024 - 2028 a sheachadadh ar Oileáin na Gaillimhe, agus thosaigh sé á chur i bhfeidhm ar 1 Meitheamh 2024. Tá €41,718 de mhaoiniú curtha i leataobh d'Oileáin na Gaillimhe ó Mheitheamh go Nollaig 2024.
Ainmníodh SICAP mar chlár tacaíochta do phobail na n-oileán sa doiciméad beartais 'Ár nOileáin Bheo', agus den chéad uair i stair an chláir tá Cónaitheoirí na nOileán ar cheann de 12 spriocghrúpa ainmnithe, atá le cur san áireamh i SICAP 2024-2028. In éineacht leis seo, caithfidh lucht feidhmithe aon chlár a bhfuil Oileáin acu ina Limistéir Chonartha SICAP a aontú leis an gCoiste Forbartha Pobail Áitiúil ábhartha, go mbeadh buiséad á imfhálú chun seirbhísí a chur ar fáil ar na hoileáin atá ina limistéar.
No comments