Written answers

Tuesday, 25 June 2024

Department of Education and Skills

Oideachas trí Ghaeilge

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

188. To ask the Minister for Education and Skills cén uair a cuireadh torthaí an taighde ar an haonaid lán-Ghaeilge faoi bhráid na Roinne/COGG; cén fáth go bhfuil an oiread moille ar fhoilsiú na dtorthaí i bhfianaise na torthaí sin a bheith ina gcuid lárnach den chomhchomhairliúchán ar fhorbairt beartais don oideachas lán-Ghaeilge; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [27015/24]

Photo of Norma FoleyNorma Foley (Kerry, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá obair ar bun sa Roinn Oideachais faoi láthair chun polasaí nua a fhorbairt don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht. Tá sé luaite mar cheann de na príomhchuspóirí i bhforbairt an pholasaí, polasaí soiléir a fhorbairt ar bhunú agus ar inbhuanaitheacht Aonaid/Sruthanna trí mheán na Gaeilge in iar-bhunscoileanna meán-Bhéarla chun an soláthar oideachais trí mheán na Gaeilge a neartú.

Rinne an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) taighde a choimisiúnú chun anailís a dhéanamh ar an soláthar reatha in Aonaid agus i Sruthanna. Bhí plé ar an taighde úd fós ar bun le linn mhí an Mheithimh. Ar an ábhar go ndearna COGG an taighde a choimisiúnú, is fúthu a bheidh sé cén uair a chuirfear an taighde ar fáil.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.