Written answers
Thursday, 20 June 2024
Department of Transport, Tourism and Sport
Seirbhísí Iompair
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
85. To ask the Minister for Transport, Tourism and Sport an bhfuil sé i gceist aige táille €2 a thabhairt isteach don limistéar timpeall ar Ghaillimh lena mbeifear in ann seirbhísi iompair phoiblí a úsáid gan teorainn laistigh de thréimhse nócha nóiméad mar atá i mBaile Átha Cliath; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [26597/24]
Eamon Ryan (Dublin Bay South, Green Party)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Mar Aire Iompair tá freagracht agam do bheartas, agus maoiniú ginearálta maidir le hiompar poiblí. Ni bhíonn baint agam, áfach, le hoibríochtaí Iompair Phoiblí ó lá go lá. Tá an tÚdarás Náisiúnta Iompair freagrach as rialúchán a dhéanamh ar na táillí a ghearrtar ar phaisinéirí i dtaca le seirbhísí iompair phoiblí, a chuirtear ar fáil faoi chonarthaí oibligeáide seirbhíse poiblí.
I gcomhthéacs freagrachta an Údaráis Náisiúnta Iompair (NTA) sa réimse seo, tá ceist an Teachta curtha ar aghaidh agam chuig an NTA i gcomhair freagra díreach. Muna bhfuil freagra faighte agat laistigh de dheich lá, cuir é seo in iúl do m’oifig phríobháideach le do thoil.
No comments