Written answers

Thursday, 13 June 2024

Department of Education and Skills

Oideachas trí Ghaeilge

Photo of Sorca ClarkeSorca Clarke (Longford-Westmeath, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

89. To ask the Minister for Education and Skills Chun a fhiafraí den Aire Oideachas cén fáth go bhfuil líon na n-áiteanna ar an mBaitsiléir san Oideachas trí Mheán na Gaeilge (Bunmhúinteoireacht) in Institiúid Oideachais Marino laghdaithe go 40 i mbliana ó 60 mar a bhí sé anuraidh, i gcomhthéacs an ghanntanais múinteoirí atá ag imirt tionchar ar earnáil an Ghaeloideachais, ar an Oideachas Gaeltachta agus ar theagasc na Gaeilge i scoileanna Béarla; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [25848/24]

Photo of Norma FoleyNorma Foley (Kerry, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cuireann mo Roinn maoiniú ar fáil don Bhaitsiléir san Oideachas (trí mheán na Gaeilge) in Institiúid Oideachais Marino faoi bhun an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta. Cuirtear maoiniú ar fáil do 30 áit in aghaidh na bliana.

Mar fhreagra ar dhúshláin soláthair mhúinteoirí in earnáil na bunscoile, d'iarr mé in earrach 2023 go gcuirfí idirghabhálacha i bhfeidhm chun leathnú na gclár oideachais tosaigh múinteoirí a cheadú chun cur leis an soláthar múinteoirí sna blianta amach romhainn. Cuireadh cohórt sa bhreis de 30 mac léinn leis an B.Oid. (trí mheán na Gaeilge) sa bhliain 2023/24. Ba é sin an t-uaslíon mac léinn bhreise a ceadaíodh faoi théarmaí an chonartha. Tá polasaí nua don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht á fhorbairt ag mo Roinn faoi láthair agus tá sé i gceist go ndéanfaí iniúchadh ar cheist an tsoláthair mhúinteoirí don earnáil lán-Ghaeilge mar chuid d’fhorbairt an pholasaí sin.

My Department provide funding for the Bachelor of Education (Irish-medium education) in Marino Institute of Education under the Policy on Gaeltacht Education. Funding is provided for 30 places annually.

In response to the teacher supply challenges in the primary sector, I requested that interventions be put in place in spring 2023 to allow for teacher education programmes to be expanded to increase teacher supply in the coming years.

An additional cohort of 30 students was added to the B.Oid. (Irish-medium education) in 2023/24. This was the maximum additional number of students that could be permitted under the terms of the contract. Work on the development of a new policy for Irish-medium education outside of the Gaeltacht is in progress in the Department and it is intended that the question of teacher supply in the Irish-medium sector will be examined during the policy development process.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.