Written answers
Wednesday, 12 June 2024
Department of Transport, Tourism and Sport
Seirbhísí trí Ghaeilge
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
55. To ask the Minister for Transport, Tourism and Sport an bhfuil sé ar an eolas nach bhfuil seirbhís trí Ghaeilge nó suíomh idirlíon trí Ghaeilge fiú ag an Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre, agus go ndéanann an tSeirbhís Náisiúnta um Cheadúnais Tiomána teagmháil go huathoibríoch le custaiméirí i mBéarla amháin, agus an bhfuil sé i gceist aige an tÚdarás agus an tSeirbhís a fhorordú faoi chúram an Choimisinéara Teanga de réir Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003. [25626/24]
Jack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
De réir an Achta fán Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre, 2006, is ar an Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre (an RSA) atá an fhreagracht reachtúil as gach gné den tSeirbhís Náisiúnta um Cheadúnas Tiomána (NDLS). Tá mé tar éis ceist an Teachta a chur faoi bhráid an RSA dá bhrí sin le go bhféadfaidh siadsan freagra díreach a thabhairt dó. D’iarrfainn ar an Teachta teagmháil a dhéanamh le m’oifig mura mbeidh freagra faighte aige laistigh de 10 lá.
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
56. To ask the Minister for Transport, Tourism and Sport céard is líon na gcigirí tiomána atá in ann scrúduithe a reáchtáil trí mheán na Gaeilge ag an Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre ar fud an stáit, agus chun briseadh síos de réir gach limistéir Gaeltachta a iarraidh. [25627/24]
Jack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
De réir an Achta fán Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre, 2006, is ar an Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre (an RSA) atá an fhreagracht reachtúil as gach gné den tSeirbhís Náisiúnta Tástála Tiomána.Tá mé tar éis ceist an Teachta a chur faoi bhráid an RSA dá bhrí sin le go bhféadfaidh siadsan freagra díreach a thabhairt dó. D’iarrfainn ar an Teachta teagmháil a dhéanamh le m’oifig mura mbeidh freagra faighte aige laistigh de 10 lá.
No comments