Written answers

Thursday, 30 May 2024

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Údarás na Gaeltachta

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

42. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht maidir le Ceist Pharlaiminte 16854/24, an dtabharfaidh sí soiléiriú ar an bplean a d’eascair as an obair athbhreithnithe a rinne Údarás na Gaeltachta faoin bpunann iomlán mhaoine atá aige agus faoi na féidearthachtaí forbartha atá ann; an dtabharfaidh sí soiléiriú ar na hacmhainní airgeadais a bheidh ag teastáil chun an plean a chur i gcrích; an dtabharfaidh sí an t-eolas is déanaí ar aon teagmháil idir a Roinn agus Údarás na Gaeltachta maidir le tithíocht a chur ar fáil ar thalamh agus ar réadmhaoin atá faoi úinéireacht an údaráis; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [24274/24]

Photo of Thomas ByrneThomas Byrne (Meath East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá athbhreithniú an Údaráis ar phunann maoine ina áis thábhachtach taighde ar na féidearthachtaí a bhaineann leis an bpunann sna seacht gcondae Gaeltachta. Ó chuir an Teachta síos a ceist deiridh, d'fhoilsigh an tÚdarás taighde ar sholáthar agus éileamh tithíochta sa Ghaeltacht. Léiríonn an taighde seo:

  • Go bhfuil daonra do 106,000 duine sa Ghaeltacht ach go bhfuil an daonra sin ag fás ag leibhéal níos moille ná an tír ar fad;
  • Go bhfuil sciar den dhaonra sa Ghaeltacht faoi aois 18 ag dul i laghad agus go bhfuil na grúpaí os cionn 55 ag dul i méid. Léiríonn sé seo go bhfuil daonra na Gaeltachta ag dul in aois;
  • Ag baint úsáid as torthaí an daonáirimh, bhí 53,618 teach sa Ghaeltacht i 2011. D’ardaigh an méid sin go 56,282 faoi 2022. B’fhás de 5% é seo, atá i gcomhréir leis an ráta náisiúnta. Bhí an méadú is mó ann i nGaeltacht na Gaillimhe (11%) agus i nGaeltacht na Mí (12%).
  • go bhfuil an ráta áitíochta níos ísle sa Ghaeltacht (71%, ardaithe ó 69% i 2011) agus is é an ráta náisiúnta ná 87%. Ag féachaint ar an ráta áitíochta sna Gaeltachtaí, is i nGaeltacht na Mí (92%), na Gaillimhe (83%) agus Port Láirge (80%) atá sé ar an leibhéal is airde;
  • go bhfuil an céatadán de thithe folamha sa Ghaeltacht (11%) níos airde ná an sciar náisiúnta (8%); agus,
  • go bhfuil níos mó na 5 oiread de thithe saoire sa Ghaeltacht ná sa tír i gcoitinne, mar sciar den stoc tithíochta iomlán. Tá an sciar is airde de thithe saoire i nGaeltachtaí Chiarraí agus Dhún na nGall. Tá níos mó ná 40% de na tithe sna Limistéir Pleanála Teanga Ciarraí Theas, Toraigh agus Tuaisceart Dhún na nGall ina dtithe saoire.
Tá €250,000 ceadaithe ag Bord Údarás na Gaeltachta le caitheamh ar obair chomhairleoireachta agus ar thaighde (an taighde thuasluaite san áireamh) i leith tithíocht a fhorbairt i gceantair Gaeltachta. Is cead i bprionsabal atá tugtha ag an mBord agus súil múnla tithíochta inacmhainne do cheantair Gaeltachta ar fud na Gaeltachta a fhorbairt mar thoradh ar an obair seo i gcomhpháirt le geallshealbhóirí leasmhara. Tá curtha in iúl dom ag Údarás na Gaeltachta go bhfuil an obair leanúnach seo fós ar siúl ag an bhfoireann leis na geallshealbhóirí ábhartha, mo Roinn fhéin san áireamh. Tá an t-ábhar seo mar ábhar seasta ar chlár Bhord Údarás na Gaeltachta agus, de réir Údarás na Gaeltachta, beidh tuilleadh eolais á roinnt leis an mBord ag na cruinnithe sna míonna amach romhainn.

Tá athbhreithniú déanta ag Údarás na Gaeltachta chomh maith ar thograí tógála a d’fhéadfaí a thosú sa ghearrthéarma (2024 go dtí 2026) agus, i gcomhthéacs na n-acmhainní airgeadais atá ar fáil don eagraíocht, tá clár infheistíochta caipitil don bhliain 2024 aontaithe ag leibhéal na bainistíochta san eagraíocht, coinníollach ar Cheadanna Pleanála agus ceadanna eile a bheith ar fáil i leith na dtograí éagsúla.

Tá plé ar bun ar bhonn leanúnach leis na cliaintchomhlachtaí atá ina dtionóntaí cheana féin agus le cliaint nua atá ag iarraidh spás tráchtála nó teacht ar spás breise agus iad ag fás. Níos minicí ná a mhalairt bíonn obair le déanamh ar fhoirgintí mar chéim tosaigh do thionóntaí agus bíonn aon chaiteachas caipitil le glanadh ag Bord an Údaráis.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.