Written answers

Thursday, 30 May 2024

Department of Housing, Planning, and Local Government

Cúrsaí Tithíochta

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

117. To ask the Minister for Housing, Planning, and Local Government cén fáth nach bhfuil na treoirlínte pleanála Gaeltachta foilsithe go fóill, cén dáta faoina mbeidh siad foilsithe, agus ráiteas a thabhairt lena dtaobh. [24343/24]

Photo of Darragh O'BrienDarragh O'Brien (Dublin Fingal, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá Grúpa Idir-Rannach (ina bhfuil mo Roinnse, an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, agus Údarás na Gaeltachta) fós ag leanúint lena chuid oibre ag forbairt treoir phleanála faoi leith do cheantair Ghaeltachta. Tá Grúpa Oibre eile ann freisin ina bhfuil an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Údarás na Gaeltachta agus na húdaráis áitiúla ábhartha a bhfuil ceantair Ghaeltachta acu páirteach.

Ag cruinniú an Ghrúpa Idir-Rannaigh an 15 Nollaig 2022, cinneadh go dtionscnódh an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán staidéar in 2023 maidir leis an modheolaíocht agus leis an bhformáid do Ráitis Tionchair Teangeolaíochta mar phríomhghné treoirlínte pleanála amach anseo do cheantair Ghaeltachta. Tionscnaíodh an staidéar ina dhiaidh sin i mí Feabhra 2023. Tá tograí tosaigh faighte ón sainchomhairleoir, agus a gcuid oibre beagnach críochnaithe, agus tá sé sin mar bhonn eolais don dréacht de threoirlínte pleanála do cheantair Ghaeltachta. Bhí roinnt cruinnithe Grúpa Idir-Rannaigh ar siúl in 2023 agus tá rannpháirtíocht dhéthaobhach na Roinne ar siúl.

Tá na dréacht-treoirlínte pleanála do cheantair Ghaeltachta á dtabhairt chun críche faoi láthair le go ndéanfaidh mé athbhreithniú orthu ar dtús agus ansin scagadh éigeantach faoi dhlí an AE do Mheasúnacht Straitéiseach Timpeallachta (MST), agus chun críocha Measúnachta Cuí (MC) freisin. Tá sé i gceist, faoi réir thoradh na gcleachtaí scagtha, go bhfoilseofar dréacht-treoirlínte ansin le haghaidh comhairliúcháin phoiblí.

Beidh gach eagras áitiúil i gceantair Ghaeltachta agus gach duine den phobal lena n-áirítear grúpaí teanga in ann a gcuid tuairimí a chur isteach maidir leis an dréacht le linn na céime comhairliúcháin sin lena meas ag mo Roinnse.

Tá sé ar intinn agam na Treoirlínte sin a fhoilsiú, ag féachaint don ghá atá ann na hábhair chasta atá i gceist a bhreithniú agus tuilleadh rannpháirtíochta a dhéanamh leis an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán.

Maidir leis sin, agus ag tabhairt faoi deara an tábhacht a bhaineann le comhairliúchán ar na hábhair sin chun a chinntiú go mbainfear seasamh láidir agus éifeachtach beartais amach, tá sé ar intinn agam cur chuige beartais atá molta a fhoilsiú le haghaidh comhairliúcháin chomh luath agus is féidir chun bonn eolais a chur faoi thabhairt chun críche na ndréacht-treoirlínte.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.