Written answers
Thursday, 30 May 2024
Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht
Scoileanna Gaeltachta
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
49. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an bhfuil i gceist aici scéim a bhunú a thabharfadh tacaíocht do scoileanna beaga ar an mór thír agus ar na hoileáin atá faoi bhagairt mar gheall ar uimhreacha, trí thacú le teaghlaigh a bhfuil Gaeilge acu, nó atá báúil don Ghaeilge agus a bhfuil gasúir acu in aois bunscoile, teacht chun cónaithe i dtithe a chuireann an pobal áitiúil ar fáil, mar a rinne i Maínis, Carna agus áiteacha eile le blianta beaga anuas [24293/24]
Thomas Byrne (Meath East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Is ar an Roinn Oideachais, go ginearálta, atá an fhreagracht de réir mar a bhaineann sé le scoileanna, scoileanna beaga tuaithe ina measc.
É sin ráite, cuireann mo Roinn tacaíocht ar fáil do na hiar-bhunscoileanna ar Oileáin Árann faoi Scéim ÁRAINN Gaeltachta ar cuireadh tús léi in 2007 agus atá á riar ag Bord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin (BOOGRC)
Is tacaíocht iar-bhunscoileanna atá i gceist leis an scéim seo don trí scoil - Coláiste Naomh Éinne, Inis Mór, Coláiste Ghobnait, Inis Oírr, agus Coláiste Naomh Eoin, Inis Meáin chun a chinntiú go mbeidh daonra scoile dóthanach ag an trí scoil ar na hoileáin. Caitheann scoláirí scoilbhliain iomlán ar na hoileáin agus iad tumtha sa teanga agus sa chultúr oileánda. Tá na trí scoil faoi phátrúnacht Bhord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin. Is uasmhéid de 30 scoláire atá ag baint tairbhe as an scéim le 10 scoláire in aghaidh gach scoil.
Íocann mo Roinn deontas le teaghlaigh atá cláraithe faoin scéim agus a bhfuil scoláirí ar íostas leo fad is atá siad ag freastal ar an scoil i rith na scoilbhliana. Tá bandaí íocaíochta i bhfeidhm lena chinntiú go dtugtar cúiteamh dóthanach do theaghlaigh a sholáthraíonn cóiríocht:
MÉID OÍCHEANTA AR AN OILEÁN | DEONTAS SCOILBHLIANA (X1 SCOLÁIRE) |
---|---|
140 – 160 | €5,500 |
160 – 180 | €6,000 |
180 – 200 | €6,500 |
Tá tuairim is costas de €165,000 in aghaidh na scoilbhliana ag baint leis an scéim. Níl sé i gceist ag mo Roinn an scéim seo a leathnú mar atá faoi láthair nó go mbeadh scéim dá leithéad ar fáil do dhaltaí bunscoile.
Anuas ar an scéim seo, tacaíonn mo Roinn le scoileanna beaga agus móra sna ceantair Ghaeltachta trí tacaíochtaí teanga a chur ar fáil lena chinntiú go bhfanann an teanga i gceartlár an oideachais sna ceantair sin. Cuirtear maoiniú ar fáil ó mo Roinn freisin do ghrúpaí mar Tuismitheoirí na Gaeltachta agus Comhar na Naíonraí Gaeltachta, chun tacú le clainne a bhíonn ag tógáil páistí le Gaeilge.
No comments