Written answers

Thursday, 30 May 2024

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Scoláireachtaí Gaeltachta

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

45. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an bhfuil i gceist aici tuilleadh scoláireachtaí a bhronnadh ar scoláirí ón mórthír le freastal ar na meánscoileanna ar na hoileáin i bhfianaise chomh maith agus atá éirithe leis an scéim scoláireachtaí go dtí seo agus an gá atá ann na scoileanna a choinneáil inmharthanach. [24294/24]

Photo of Thomas ByrneThomas Byrne (Meath East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá maoiniú a chur ar fáil ag an Roinn don Scéim ÁRAINN Gaeltachta i gcomhair costais lóistín a chuireann teaghlaigh atá aitheanta ag an Roinn ar fáil do scoláirí ón mórthír a dhéanann freastal ar na hiarbhunscoileanna ar na trí oileán Árainn don scoilbhliain iomlán.

Tá na trí scoil, Coláiste Naomh Éinne, Inis Mór, Coláiste Ghobnait, Inis Oírr, agus Coláiste Naomh Eoin, Inis Meáin aitheanta faoin scéim agus í á riar ag Bord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin (BOOGRC).

Faoi láthair, is 30 scoláire atá ceadaithe do na trí oileán, 10 scoláire in aghaidh na scoile. Meastar go bhféadfadh níos mó scoláirí ón mórthír ag freastal ar na scoileanna Gaeltachta seo tionchar diúltach a imirt ar iompar teanga ghasúir na n-oileán. Ar an mbunús sin, níl beartaithe tuilleadh scoláireachtaí a cheadú faoin scéim.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.