Written answers
Tuesday, 28 May 2024
Department of Education and Skills
Oideachas trí Ghaeilge
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
33. To ask the Minister for Education and Skills cén dáta faoina mbainfear amach an gheallúint sa Chlár Rialtais faoi dhúbailt a dhéanamh ar sholáthar an Ghaeloideachais; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [23886/24]
Norma Foley (Kerry, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá obair ar bun i mo Roinn faoi láthair maidir le polasaí nua don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht a fhorbairt. Tógfaidh an polasaí seo ar an méid atá a bhaint amach againn faoi láthair faoin bPolasaí don Oideachas Gaeltachta chun tacú le soláthar an oideachais lán-Ghaeilge i gceantair Ghaeltachta.
Agus an polasaí don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht á fhorbairt, tá sé mar aidhm ag mo Roinn na spriocanna seo a leanas a bhaint amach, i measc nithe eile:
- an líon leanaí agus daoine óga atá ag freastal ar scoileanna lán-Ghaeilge a mhéadú, lena n-áirítear tógáil ar an mbunchloch a leagtar síos i suíomhanna foghlama agus cúraim na luath-óige lán-Ghaeilge (mar shampla, naíonraí)
- iniúchadh a dhéanamh ar na deiseanna chun bunú Gaelscoileanna agus Gaelcholáistí a mhéadú mar chuid den phróiseas pátrúnachta
- iniúchadh a dhéanamh ar an gcaoi inar féidir an soláthar múinteoirí agus baill foirne eile a bhfuil ardchaighdeán Gaeilge acu a mhéadú chun freastal ar an éileamh i suíomhanna oideachais lán-Ghaeilge.
Chomh maith leis sin, ghlac mo Roinn réimse gníomhartha chun a chinntiú go mbeadh an polasaí nua bunaithe ar thaighde reatha. Tá athbhreithniú ar an litríocht déanta dúinn ag Sealbhú, DCU. D’fhoilsigh mo Roinn tuarascáil ar sholáthar don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht. Tá taighde maidir le haonaid agus sruthanna lán-Ghaeilge i scoileanna meán-Bhéarla ar bun.
Tá sé i gceist ag mo Roinn go mbeidh deis againn treo an pholasaí a phlé le páirtithe leasmhara sula bhfoilseofar é. Tá sé ar intinn go gcuirfear tús le cur i bhfeidhm gníomhartha ón bpolasaí sa scoilbhliain 2024/25.
Aithním an tábhacht a bhaineann leis an oideachas lán-Ghaeilge a neartú. Táim ag súil leis an obair thábhachtach seo a thabhairt chun cinn, chun tógáil ar na torthaí dearfacha ón bPolasaí don Oideachas Gaeltachta.
No comments