Written answers
Wednesday, 8 May 2024
Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht
Caiteachas Gaeilge agus Gaeltachta
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
252. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an bhfuil sé i gceist aici ardú deontais a thabhairt do na teaghlaigh a choinníonn scoláirí faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge i mbliana agus an t-ardú ar an gcostas maireachtála le blianta beaga anuas agus na cúraimí breise a bhaineann le scoláirí a choinneáil á gcur i gcuntas; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [20816/24]
Thomas Byrne (Meath East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá roinnt beartas ceadaithe faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge le dhá bhliain anuas chun tacaíocht bhreise a chur ar fáil do theaghlaigh a chuireann lóistín ar fáil do lucht freastal na gColáistí Gaeilge agus do theaghlaigh nua atá ag teacht isteach sa chóras. San áireamh anseo:
- Tháinig ardú 20% ar an bhfordheontas laethúil ó €10 go €12.
- Tháing ardú ar an bhfordheontas a íoctar le lucht brúnna agus coláistí cónaithe ó €5 go €7;
- Tháining ardú ar an bhfordheontas a chuirtear ar fáil do na teaghlaigh a chuireann lóistín ar fáil do lucht ERASMUS Gaeltachta ó €17 go €21; agus
- Tháinig ardú ar fordheontas a chuirtear ar fáil do lucht lóistín na scéime ÁRAINN Gaeltachta ó €27 go €33.
Anuas ar na ardaithe ar an bhfordheontas, ardaíodh ó €2,000 go dtí €6,000 an deontas tosaithe aon uaire do theaghlaigh nua a chláraíonn faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge agus do theaghlach atá ag iarraidh teacht ar ais sa chóras tar éis dóibh a bheith imithe as an scéim le cúig bliana nó níos mó. Clúdaíonn an deontas seo costais a bhaineann le measúnú sábháilteacht dóiteáin, mar aon le costais a bhaineann le hábhair ar leith bainteach le lóistín a chur ar fáil.
Go deimhin bíonn mo Roinn i gcónaí ag faire amach ar aon deis chun tuilleadh fós a dhéanamh ar leas earnáil na gcoláistí Gaeilge.
No comments