Written answers
Thursday, 11 April 2024
Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht
Pleanáil Teanga
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
133. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht líon na mbailte sa nGaeltacht a bhfuil daonra os cionn 1,000 duine iontu; ainm gach baile acu sin, an bhfuil i gceist aici leasú a dhéanamh ar an Acht cuí chun an bundaonra sin a laghdú ionas go bhféadfaí bailte ar nós na Ceathrún Rua a ainmniú mar Bhailte Seirbhíse Gaeltachta; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [15879/24]
Catherine Martin (Dublin Rathdown, Green Party)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Seo a leanas an liosta bailte - Gaeltachta agus neamh-Ghaeltachta - a d’fhéadfadh a bheith aitheanta mar Bhailte Seirbhíse Gaeltachta ach pleananna teanga a bheith aontaithe leis na pobail sna bailte éagsúla i gcomhréir leis na critéir pleanála teanga forordaithe faoi Acht na Gaeltachta 2012. Is figiúirí an daonáireamh is déanaí atá á n-úsáid sa léárgas mar atá le fáil ó shuíomh gréasáin an Phrímh-oifig Staidrimh.
Baile Seirbhíse Gaeltachta | Daonra |
---|---|
Leitir Ceanainn | 22,549 |
An Clochán Liath | 1,247 |
Baile Dhún na nGall | 2,749 |
Béal an Mhuirthead | 1,042 |
Baile an Róba | 3,148 |
Caisleán an Bharraigh | 13,054 |
Cathair na Gaillimhe | 85,910 |
An Clochán | 1,259 |
Daingean Uí Chúis | 1,671 |
Trá Lí | 26,079 |
Cathair Saidhbhín | 1,297 |
Cathair Chorcaí | 222,526 |
Maigh Chromtha | 4,096 |
Dún Garbhán | 10,081 |
Baile Átha Buí | 2,596 |
An Uaimh | 33,886 |
Tá trí bhaile eile sa Ghaeltacht le daonra ós cionn 1,000 duine nach bhfuil áitheanta mar Bhailte Seirbhísí Gaeltachta agus is iad sin; Maigh Cuilinn a bhfuil daonra de 2,279 ann, Bearna bhfuil daonra de 2,336 ann, agus Baile Chláir na Gaillimhe bhfuil daonra de 1,632 ann.
Is tar éis próiseas comhairliúcháin a eagrú ar an ábhar seo i samhradh 2014 a cuireadh an liosta bailte i dtoll a chéile mar aon leis na critéir a bhaineann le baile a bheith aitheanta mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta.
Leagtar síos faoin Acht an próiseas faoina bhféadfaí aitheantas a bhaint amach mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta. Ní foláir:
- don bhaile a bheith suite i Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta nó taobh leis;
- daonra de 1,000 duine ar a laghad a bheith sa mbaile, de réir an daonáirimh is deireanaí;
- ról suntasach a bheith á imirt ag an mbaile maidir le seirbhísí poiblí, saoráidí áineasa, sóisialta agus tráchtála a sholáthar do phobal na Gaeltachta; agus
- tionchar suntasach agus dearfach a bheith á imirt, dá réir, ag an mbaile ar stádas na Gaeilge mar theanga pobail agus teaghlaigh sa cheantar Gaeltachta lena mbaineann sé.
Níl aon phleananna ag mo Roinn leasú a dhéanamh ar an Acht chun an bundaonra a laghdú ionas go bhféadfaí bailte ar nós na Ceathrún Rua a ainmniú mar Bhailte Seirbhíse Gaeltachta. Chuir oifigigh mo Roinne é sin in iúl d'iondaithe ó phobal na Ceathrú Rua ag cruinniú a bhí acu leo le déanaí.
No comments