Written answers

Thursday, 11 April 2024

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Pleanáil Teanga

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

133. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht líon na mbailte sa nGaeltacht a bhfuil daonra os cionn 1,000 duine iontu; ainm gach baile acu sin, an bhfuil i gceist aici leasú a dhéanamh ar an Acht cuí chun an bundaonra sin a laghdú ionas go bhféadfaí bailte ar nós na Ceathrún Rua a ainmniú mar Bhailte Seirbhíse Gaeltachta; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [15879/24]

Photo of Catherine MartinCatherine Martin (Dublin Rathdown, Green Party)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Seo a leanas an liosta bailte - Gaeltachta agus neamh-Ghaeltachta - a d’fhéadfadh a bheith aitheanta mar Bhailte Seirbhíse Gaeltachta ach pleananna teanga a bheith aontaithe leis na pobail sna bailte éagsúla i gcomhréir leis na critéir pleanála teanga forordaithe faoi Acht na Gaeltachta 2012. Is figiúirí an daonáireamh is déanaí atá á n-úsáid sa léárgas mar atá le fáil ó shuíomh gréasáin an Phrímh-oifig Staidrimh.

Baile Seirbhíse Gaeltachta Daonra
Leitir Ceanainn 22,549
An Clochán Liath 1,247
Baile Dhún na nGall 2,749
Béal an Mhuirthead 1,042
Baile an Róba 3,148
Caisleán an Bharraigh 13,054
Cathair na Gaillimhe 85,910
An Clochán 1,259
Daingean Uí Chúis 1,671
Trá Lí 26,079
Cathair Saidhbhín 1,297
Cathair Chorcaí 222,526
Maigh Chromtha 4,096
Dún Garbhán 10,081
Baile Átha Buí 2,596
An Uaimh 33,886

Tá trí bhaile eile sa Ghaeltacht le daonra ós cionn 1,000 duine nach bhfuil áitheanta mar Bhailte Seirbhísí Gaeltachta agus is iad sin; Maigh Cuilinn a bhfuil daonra de 2,279 ann, Bearna bhfuil daonra de 2,336 ann, agus Baile Chláir na Gaillimhe bhfuil daonra de 1,632 ann.

Is tar éis próiseas comhairliúcháin a eagrú ar an ábhar seo i samhradh 2014 a cuireadh an liosta bailte i dtoll a chéile mar aon leis na critéir a bhaineann le baile a bheith aitheanta mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta.

Leagtar síos faoin Acht an próiseas faoina bhféadfaí aitheantas a bhaint amach mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta. Ní foláir:

  • don bhaile a bheith suite i Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta nó taobh leis;
  • daonra de 1,000 duine ar a laghad a bheith sa mbaile, de réir an daonáirimh is deireanaí;
  • ról suntasach a bheith á imirt ag an mbaile maidir le seirbhísí poiblí, saoráidí áineasa, sóisialta agus tráchtála a sholáthar do phobal na Gaeltachta; agus
  • tionchar suntasach agus dearfach a bheith á imirt, dá réir, ag an mbaile ar stádas na Gaeilge mar theanga pobail agus teaghlaigh sa cheantar Gaeltachta lena mbaineann sé.
Tá sráidbhaile na Ceathrú Rua lonnaithe sa Limistéar Pleanála Teanga An Cheathrú Rua agus, trí Údarás na Gaeltacta, cuireann mo Roinn tacaíocht agus maoiniú de €120,000 in aghaidh na bliana ar fáil chun plean teanga an Limistéara a fheidhmiú.

Níl aon phleananna ag mo Roinn leasú a dhéanamh ar an Acht chun an bundaonra a laghdú ionas go bhféadfaí bailte ar nós na Ceathrún Rua a ainmniú mar Bhailte Seirbhíse Gaeltachta. Chuir oifigigh mo Roinne é sin in iúl d'iondaithe ó phobal na Ceathrú Rua ag cruinniú a bhí acu leo le déanaí.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.