Written answers
Thursday, 7 March 2024
Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht
Scoláireachtaí Gaeltachta
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
233. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an bhfuil sé i gceist aici líon na scoláireachtaí do dhaltaí lasmuigh de na hOileáin a fhreastalaíonn ar na scoileanna ar na trí cinn d’Oileáin Árann a mhéadú le nach mbeidh na scoileanna ag brath ar scoláirí a bheith i dteideal an “Deontas Ceantar Iargúlta” de chuid na Roinne Oideachais le bheith inmharthana; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [11234/24]
Patrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Cuireann mo Roinn maoiniú ar fáil don scéim oileánda ÁRAINN Gaeltachta faoina gcuirtear suas le 30 scoláireacht in aghaidh na bliana (10 gcinn in aghaidh an oileáin) ar fáil do na meaánscoileanna ar na hOileáin Árann.
Tugann an scéim seo deis do dhaltaí meánscoile freastal ar mheánscoil ar cheann de na hoileáin ar feadh tréimhse na scoilbliana ina hiomláine. Cuireann mo Roinn tacaíocht ar fáil trí dheontais a íoc le teaghlaigh aitheanta a chuireann lóistín ar fáil do na scoláirí.
Mar go gcaithfidh an Roinn a bheith cinnte go bhfuil an scéim seo inmharthanach i dtaobh iompar teanga dáltaí de bhunadh na n-oileán, níl sé beartaithe tuilleadh scoláireachtaí a chur ar fáil faoin scéim seo.
No comments