Written answers
Tuesday, 27 February 2024
Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht
Caiteachas Gaeilge agus Gaeltachta
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
247. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cé líon na naíonraí agus na naíscoileanna Gaeltachta a fhaigheann maoiniú ó Údarás na Gaeltachta. [9044/24]
Patrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Níl aon scéim mhaoinithe faoi leith ag Údarás na Gaeltachta a chuireann tacaíocht dhíreach ar fáil do sheirbhísí luathoideachais sa Ghaeltacht. Tacaíonn Údarás na Gaeltachta leis an réimse luathoideachais trí Ghaeilge sa Ghaeltacht trí dheontas reáchtála a sholáthar ar bhun bliantúil don eagraíocht Comhar Naíonraí na Gaeltachta (CNNG).
Cuireann CNNG seirbhísí bainistíochta agus riaracháin ar fáil do sheirbhísí luathbhlianta sa Ghaeltacht. Tá CNNG ag gníomhú ar fud na Gaeltachta agus oibríonn an eagraíocht i gcomhar leis na pobail Ghaeltachta lena chinntiú go bhfuil seirbhísí luathbhlianta trí Ghaeilge ar fáil. Sa scoilbhliana reatha 2023/2024, tá 1,983 páiste ag freastal ar 130 seirbhís luathbhlianta atá faoi scáth Chomhar Naíonraí na Gaeltachta, 68 seirbhís naíonra agus 10 seirbhís naíolainne ina measc.
No comments