Written answers
Tuesday, 27 February 2024
Department of Education and Skills
Teagasc na Gaeilge
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
221. To ask the Minister for Education and Skills an dtabharfaidh sí sonraí i bhfoirm tábla le haghaidh na n-uaireanta teagaisc Gaeilge in aghaidh na seachtaine a bhí riachtanach i mbunscoileanna de réir bliana ó 1990 go dtí an bhliain seo. [9047/24]
Norma Foley (Kerry, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Ba mhaith liom a chur in iúl don Teachta Dála gur seo a leanas an méid ama sa tseachtain a thugtar le haghaidh mhúineadh na Gaeilge inár mbunscoileanna;
Bliain | Teanga 1 na Scoile –naíonáin (méid ama sa tseachtain) | Teanga 1 na Scoile – rang a haon go rang a sé (méid ama sa tseachtain) | Teanga 1 na Scoile – rang a haon go rang a dó (méid ama sa tseachtain) | Teanga 1 na Scoile – rang a trí go rang a sé (méid ama sa tseachtain) | Teanga 1 na Scoile – rang a haon go rang a sé (méid ama sa tseachtain) | Teanga 2 na Scoile – rang a haon go rang a sé (méid ama sa tseachtain) |
---|---|---|---|---|---|---|
1990 | Níor cuireadh aon mholtaí ama ar fáil i gcuraclam 1971. Tugadh méid ama isteach den chéad uair in 1999. | |||||
1999 | 3 uair an chloig | 4 uair an chloig | N/A | N/A | 2 uair agus 30 nóiméad | 3 uair agus 30 nóiméad |
2011 | De réir na Straitéise Náisiúnta chun an Litearthacht agus an Uimhearthacht a Fheabhsú i measc Leanaí agus Daoine Óga 2011-20, iarradh ar bhunscoileanna níos mó ama a chaitheamh ar litearthacht agus ar uimhearthacht. Ó mhí Eanáir 2012 ar aghaidh, bhí ar scoileanna: níos mó ama a chaitheamh ar litearthacht, go háirithe ar litearthacht i dteanga 1 na scoile, méadú uair an chloig ar an iomlán in aghaidh na seachtaine (i.e. go 6.5 uair an chloig do na naíonáin, agus go 8.5 uair an chloig do rang a haon go rang a sé.) | |||||
2023 | 4 uair an chloig agus 45 nóiméad | 3 uair an chloig agus 45 nóiméad | 4 uair an chloig agus 45 nóiméad | 3 uair an chloig agus 45 nóiméad* | 2 uair an chloig agus 30 nóiméad | 3 uair an chloig |
Cuirfear uair an chloig sa tseachtain ar fáil do rang a trí ar aghaidh le teanga iasachta nua-aimseartha a fhoghlaim – tiocfaidh laghdú 60 nóiméad sa tseachtain ar theagasc theanga 1 na scoile.
Cuirtear leis an méid ama sa tseachtain le haghaidh na Folláine i gCreatchuraclam na Bunscoile agus cuirtear uair an chloig sa tseachtain ar fáil chun teangacha iasachta a thabhairt isteach ó rang a trí ar aghaidh. D’fhonn na hathruithe sin a dhéanamh, b’éigean am a ghlacadh ó gach réimse eile den churaclam, teangacha san áireamh. I dtaca leis sin, ba chóir an méid seo a leanas a thabhairt faoi deara;
Baintear úsáid as teanga an teagaisc ar fud an churaclaim ar fad, i gcás gach ábhar, ní le linn an cheachta teanga amháin a fhoghlaimítear teanga an teagaisc.
Breithnítear i laghdú Theanga 1 taithí na scoláirí ar an dá bhliain réamhscoile shaora mar chuid de chlár Chúram agus Oideachas na Luath-Óige (ECCE). Léiríonn na figiúirí is déanaí go mbaineann thart ar 97% de scoláirí leas as an gclár seo agus go mbaineann siad tairbhe as an eispéireas foghlama teanga a fhaigheann siad ó Aistear– Creatchuraclam na Luath-Óige.
I scoileanna lán-Ghaeilge, is i nGaeilge a bhíonn fáil ar an gcuraclam ar fad, seachas curaclam an Bhéarla. D’fhonn tacú le sealbhú na Gaeilge, is féidir moill a chur ar thabhairt isteach fhoghlaim fhoirmiúil an Bhéarla go dtí rang a haon, chun cabhrú le bunús láidir sa teanga a fhorbairt.
Is curaclam comhtháite teanga é Curaclam Teanga na Bunscoile (2019), ncca.ie/en/primary/primary-developments/language/the-primary-language-curriculum/, a chabhraíonn le haistriú scileanna ó theanga amháin go teanga eile ag úsáid struchtúr comhroinnte agus cur chuige cabhrach i leith an teagaisc agus na foghlama.
Níl aon athrú ar an méid ama a mholtar a chaitheamh ar an nGaeilge i scoileanna Béarla i gcomparáid le curaclam 1999 le haghaidh na naíonán agus tá laghdú 30 nóiméad ar an méid ama le haghaidh rang a haon go rang a sé.
Is moltaí iad na huaireanta a luaitear laistigh de Chreatchuraclam na Bunscoile agus dearadh é le húsáid go solúbtha i scoileanna mar a rinneadh le curaclam 1999.
Tugann Am Solúbtha deis do scoileanna an t-am sin a úsáid le haghaidh tréimhsí fada grinnfhoghlama i gceann amháin nó níos mó de na cúig réimse curaclaim, lena n-áirítear i réimse na dteangacha. Athraíonn an méid ama sholúbtha atá ar fáil ag gach céim:
5 uair an chloig sa mhí sna Naíonáin Shóisearacha agus Shinsearacha (Céim 1)
6 uair an chloig sa mhí i rang 1 agus 2 (céim 2)
7 n-uair an chloig sa mhí i rang 3-6 (céimeanna 3 agus 4).
Le linn bliana, d'fhéadfadh scoil cinneadh a dhéanamh Fleisc-am a úsáid le haghaidh ceann amháin, cúpla ceann nó iad seo ar fad thíos chun freagairt do riachtanais/dúshláin maidir le teagasc agus foghlaim na Gaeilge:
tuilleadh ama sa tseachtain ag leibhéal na scoile don Ghaeilge ar feadh téarma/scoilbhliana de réir mar a ullmhaíonn múinteoirí eispéiris foghlama chuí shaibhre atá ag freagairt do riachtanais foghlama na scoláirí
tréimhsí fada grinnfhoghlama i ngnéithe d’fhoghlaim na Gaeilge (Seachtain na Gaeilge, teanga ó bhéal, filíocht, scéalta, logainmneacha)
gníomhaíochtaí scoile uile nó rannpháirtíocht i dtionscnaimh agus imeachtaí áitiúla, réigiúnacha agus náisiúnta a bhaineann leis an nGaeilge (drámaí, scéalaíocht, comórtais, nasc le scoileanna lán-Ghaeilge, cuairteanna ó chainteoirí Gaeilge, ceol agus amhráin na hÉireann, Cúla 4, Foghlaim TG4)
cuir chuige oideolaíocha ar leith a úsáid a bhaineann tairbhe as tréimhsí fada ama (Foghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teangacha - múineann múinteoirí réimse curaclaim eile i nGaeilge le linn tréimhse ama).
Léiríonn Íos-Am Curaclaim an méid is lú ama sa tseachtain a mholtar le haghaidh Teanga, Matamaitice agus Folláine agus an tÍos-Am míosúil le haghaidh Oideachas Eolaíochta, Teicneolaíochta agus Innealtóireachta; Oideachas Sóisialta agus Comhshaoil; agus Oideachas Ealaíon.
Gníomhartha chun cabhrú le teagasc agus foghlaim na Gaeilge
Tá réimse leathan gníomhartha á ndéanamh ag an Roinn chun cabhrú le teagasc agus foghlaim na Gaeilge, lena n-áirítear:
Polasaí don Oideachas Gaeltachta agus polasaí nua don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht a fhorbairt.
Tacaíochtaí teagaisc agus foghlama a chuireann COGG ar fáil
Athchóiriú curaclaim ag gach leibhéal
Clár nua Oideachais Tosaigh Múinteoirí i nGaeilge ina bhfuil 30 áit bhreise ar fáil le haghaidh 2023-24.
Oideachas agus oiliúint múinteoirí
Maoiniú a chur ar fáil d'Fhoras na Gaeilge chun roinnt tionscnamh a chur chun cinn
Obair leanúnach ar an tionscadal maidir le Foghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teangacha (FCÁT).
Léiríonn na tionscnaimh agus na gníomhartha a leag mé amach thuas tiomantas na Roinne agus mo thiomantas féin i leith na Gaeilge agus i leith dhul chun cinn na ngníomhartha a bhaineann leis an oideachas teanga i Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030.
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
222. To ask the Minister for Education and Skills an bhfuil painéal ar leith ann do mhúinteoirí agus do mhúinteoirí ionaid san earnáil lán-Ghaeilge, agus an ndéanfaidh sí cur síos ar an gcreatlach earcaíochta do scoileanna lán-Ghaeilge. [9049/24]
Norma Foley (Kerry, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Is meicníocht iad na socruithe ath-imlonnaithe a úsáidtear chun poist mhúinteoireachta a líonadh. Tá painéal ath-imlonnaithe dá chuid féin ag gach pátrún scoile, An Foras Pátrúnachta san áireamh.
Cruthaítear Príomhphainéil Ath-imlonnaithe do mhúinteoirí buan/múinteoirí CTÉ barrachais lena chinntiú go ndéantar folúntais a thairiscint do na múinteoirí seo ar an gcéad dul síos.
A luaithe a ath-imlonnaítear gach múinteoir buan/múinteoir CTÉ barrachais, ní mór do scoileanna folúntais bhuana a líonadh ó Phainéil Ath-imlonnaithe Fhorlíontacha atá comhdhéanta de mhúinteoirí cáilithe téarma seasta (sealadach/ionadach) agus páirtaimseartha. Ag an bpointe sin, féadfar folúntais ar théarma seasta a fhógairt trí chomórtas oscailte.
Nuair a bheidh painéal ath-imlonnaithe ídithe i limistéar, féadfaidh scoileanna a bhfuil folúntais bhuana acu sa limistéar sin dul ar aghaidh chuig comórtas oscailte chun na folúntais sin a líonadh. Féadfaidh aon mhúinteoir cur isteach ar na folúntais sin de réir mar a eascraíonn siad.
The redeployment arrangements are the mechanism used to fill teaching posts. Each school patron has its own redeployment panel, including An Foras Pátrunachta.
Main Redeployment Panels are created for surplus permanent/CID holding teachers in order to ensure that vacancies are offered in the first instance to these teachers.
Once all surplus permanent/CID holding teachers are redeployed, schools are required to fill permanent vacancies from Supplementary Redeployment Panels comprised of eligible fixed-term (temporary/substitute) and part-time teachers. At that point, fixed-term vacancies may be advertised through open competition.
Once a redeployment panel has been exhausted in an area, schools with permanent vacancies in that area may proceed to open competition to fill these vacancies. It is open to any teacher to apply for these vacancies as they arise.
No comments