Written answers
Thursday, 15 February 2024
Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht
Tionscadail Fhorbartha Pobail
Aindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
22. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cén dul chun cinn atá déanta maidir le hathfhorbairt Choláiste Íosagáin, Baile Bhuirne; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [6945/24]
Catherine Martin (Dublin Rathdown, Green Party)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tuigtear dom go bhfuil i gceist ag Údarás na Gaeltachta Lárionad Forbartha Réigiúnach a thógáil mar chuid d'athfhorbairt Choláiste Íosagáin agus go bhfuil cead pleanála don fhorbairt bheartaithe bainte amach ó mhí Aibreáin 2023.
Faoin bpróiséas a bheidh á ghlacadh ag an Údarás, agus mar chuid den chéad chéim forbartha, déanfar spás fiontraíochta, nuálaíochta agus oiliúna d'achar thart ar 1,720 méadar cearnach a chuir ar fáil. Sa spás seo beidh réimse leathan d'áiseanna ar fáil ar nós G -Teic ina mbeidh spás oibre agus áiseanna oifige roinnte idir dheasca oibre agus oifigí príobháideacha.
Chomh maith leis seo, beidh réimse de sheirbhísí gnó, fiontraíochta agus oiliúna á soláthar ón lárionad. Clúdóidh na seirbhísí réimse leathan ar nós:
- Comhairle agus seirbhísí tacaíochta do ghnóthaí atá ag dul i mbun gnó don chéad uair;
- Seirbhísí forbartha scileanna agus forbairt cumais;
- Seirbhísí taighde agus nuálaíochta;
- Oiliúint do thograí, seirbhísí, agus próisis forbartha nua;
- Comhairle agus tacaíochtaí i leith foinsí maoinithe; agus,
- Forbairt ar ghréasán tacaíochta agus deiseanna foghlamtha.
Tar éis próiseas tairisceana phoiblí a reáchtáil, roghnaigh Údarás na Gaeltachta conraitheoir tógála chun an chéad céim den fhorbairt seo a chur i gcrích faoi réir an phacáiste iomlán maoinithe a bhí ceadaithe.
Tá iarratas déanta ag Údarás na Gaeltachta le déanaí, faoin gCiste um Athghinúint Forbartha Tuaithe (RRDF), chun tabhairt faoin Chéim a dó den fhorbairt seo. Tuigtear dom ón Údarás gur iarratas ar mhaoiniú de thart ar €3.2m atá i gceist.
No comments