Written answers
Thursday, 15 February 2024
Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht
Acht na Gaeltachta
Catherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
17. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht maidir le Ceist Pharlaiminte Uimh. 284 den 5 Nollaig 2023; cén dul chun cinn atá déanta ar an obair athbhreithniúcháin ar na chéad 10 bplean teanga a ceadaíodh faoi Acht na Gaeltachta, 2012; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [6815/24]
Catherine Martin (Dublin Rathdown, Green Party)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Ar 28 Meitheamh 2023, d'fhógair mé go raibh conradh bronnta ar an gcomhlacht, Barr Feabhais Teo., chun athbhreithniú a dhéanamh ar an gcéad 10 bplean teanga a ceadaíodh faoi réir Acht na Gaeltachta 2012.
Cinnteoidh an tionscnamh seo, a bhfuil buiséad suas le €92,500 á chur ar fáil ina leith, go ndéanfar athbhreithniú neamhspleách ar fheidhmiú na bpleananna teanga seo. Cuirfear aiseolas maidir le feidhmiú na bpleananna ar fáil agus, bunaithe ar an méid a aithnítear san athbhreithniú, beifear in ann céimeanna a ghlacadh chun cur i bhfeidhm an phróisis phleanála teanga a fheabhsú.
Is iad seo a leanas an 10 Limistéir Pleanála Teanga atá i gceist:
- Cloich Chionnaola, Gort an Choirce, An Fál Carrach & Machaire Rabhartaigh;
- Ná Déise;
- Ciarraí Theas;
- Gaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire & Loch an Iúir;
- Ciarraí Thiar;
- Conamara Láir;
- An Cheathrú Rua;
- Maigh Eo Thuaidh;
- Ráth Chairn & Baile Ghib; agus,
- Árainn Mhór.
Is léir go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh ag Barr Feabhas san obair atá ar bun acu. Tá deimhnithe arís ag Barr Feabhas le hoifigigh mo Roinne go leanfaidh siad ar aghaidh go dícheallach lena gcuid oibre chun a chinntiú go gcuirfí tuarascáil chuimsitheach ar fáil de réir na dtéarmaí tagartha agus na spriocdhátaí a aontaíodh.
Nuair a bheidh deis ag mo Roinn leagan críochnúil den tuarascáil a bhreithniú, beifear in ann breathnú chun cinn ar an gcéad bhaisc eile de phleananna a mbeidh athbhreithniú le déanamh orthu.
No comments