Written answers
Wednesday, 31 January 2024
Department of Foreign Affairs and Trade
Oideachas trí Ghaeilge
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
7. To ask the Minister for Foreign Affairs and Trade an bhfuil sé ar an eolas faoin bhfeachtas chun Gaelscoil a bhunú i Melbourne na hAstráile, agus an bhfuil aon obair ar bun ag a Roinn nó ag Ambasáid na hÉireann san Astráil chun tacú leis na hiarrachtaí sin [4500/24]
Micheál Martin (Cork South Central, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
I Straitéis Diaspóra na hÉireann 2020-2025 áirítear tiomantas leathan chun tacú le léiriú cultúrtha i measc ár ndiaspóra.
Maidir leis an nGaeilge go sonrach, tá an Rialtas tiomanta sa straitéis do chur chun cinn agus do mhúineadh na Gaeilge thar lear.
Tá maoiniú ar fáil ó Chlár Tacaíochta Eisimirceach an Rialtais d’aon tionscnamh a chuireann chun cinn na cuspóirí Gaeilge seo a bhaineann leis an diaspora. Fairis sin, d’fhéadfadh maoiniú comhlánaithe a bheith ar fáil ó ranna Rialtais eile faoi chláir agus scéimeanna eile. Chun maoiniú a cheadú, ní mór na critéir iarratais a chomhlíonadh.
Is eol dom an feachtas atá ar bun chun Gaelscoil a oscailt i Melbourne agus go raibh oifigigh ag Ambasáid na hÉireann i gCanberra i dteagmháil le daoine ábhartha maidir leis an togra.
No comments