Written answers
Wednesday, 17 January 2024
Department of Education and Skills
Scrúduithe Stáit
Mairéad Farrell (Galway West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
686. To ask the Minister for Education and Skills an gcoinneofar an t-athrú atá déanta ar an méid sraitheanna pictiúr i scrúdú Gaeilge na hArdteistiméireachta 2024 (10 seachas 20) sa chéad Ardteistiméireacht eile in 2025; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [1985/24]
Norma Foley (Kerry, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá na sraitheanna pictiúr mar chomhpháirt den Bhéaltriail Ghaeilge d’iarrthóirí Ardleibhéil agus Gnáthleibhéil, agus 40% de na marcanna iomlána don Ghaeilge san Ardteistiméireacht ag dul don Bhéaltriail.
Mar fhreagra ar cheisteanna a d’ardaigh an CNCM agus COGG faoin sraith pictiúr agus faoi ghnéithe comhrá den Bhéaltriail Ghaeilge, thug Coimisiún na Scrúduithe Stáit isteach coigeartuithe ar struchtúr an Bhéaltriail Chomónta do scrúduithe 2020 agus ina dhiaidh sin. Tá sé mar aidhm acu seo deiseanna breise a chruthú don idirghníomhú idir an iarrthóir agus an scrúdaitheoir agus dá réir sin scóip a thabhairt don iarrthóir a inniúlacht a léiriú ach cothromaíocht a choinneáil ag an am céanna idir na codanna éagsúla den bhéaltriail.
Níor tharla na béaltrialacha in 2020 mar thoradh ar an bpaindéim. ó shin i leith rinneadh coigeartuithe ar shocruithe measúnaithe do na scrúduithe Stáit i bhfianaise thionchar na paindéime ar an teagasc agus ar an bhfoghlaim. Maidir le Gaeilge na hArdteistiméireachta, i measc na gcoigeartuithe seo tá laghdú ar an líon sraitheanna pictiúr nach mór do gach iarrthóir a ullmhú, ó 20 go 10. An 16 Bealtaine, d’fhógair mé go mbeadh na coigeartuithe sin i bhfeidhm arís in 2024.
Rinneadh na hathruithe agus aird chuí tugtha ar phrionsabail an chomhionannais, na cothroime agus an ionracais, maidir le comparáidí scoláire le scoláire, ábhar-le-hábhar, agus bliain le bliain.
Níl cinneadh déanta go fóill maidir le coigeartuithe measúnaithe do 2025. Cuirfear sonraí aon choigeartuithe measúnaithe a d’fhéadfadh a bheith i gceist do scrúduithe 2025 in iúl do na scoileanna a luaithe a bheidh cinneadh déanta, agus iarrfar ar scoileanna a chinntiú go gcuirtear gach scoláire ar an eolas faoi na hathruithe seo.
No comments