Written answers
Thursday, 14 December 2023
Department of Rural and Community Development
Acht na dTeangacha Oifigiúla
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
531. To ask the Minister for Rural and Community Development cén céatadán de bhuiséad fógraíochta a Roinne do 2023 atá caite go dtí seo i mbliana ar fhógraíocht a dhéanamh sna meáin Ghaeilge agus an bhféadfadh sí a dheimhniú go mbainfear amach roimh dheireadh na bliana an céatadán 5% a leagtar síos in Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [56004/23]
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
532. To ask the Minister for Rural and Community Development cén céatadán de bhuiséad fógraíochta 2023 na gcomhlachtaí poiblí a thagann faoi scáth a Roinne atá caite go dtí seo i mbliana ar fhógraíocht a dhéanamh sna meáin Ghaeilge agus an bhféadfadh sí a dheimhniú go mbainfidh na comhlachtaí sin amach roimh dheireadh na bliana an céatadán 5% a leagtar sios in Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [56022/23]
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
533. To ask the Minister for Rural and Community Development cén céatadán de bhuiséad fógraíochta a Roinne do 2023 atá caite go dtí seo i mbliana ar fhógraíocht a dhéanamh i nGaeilge agus an bhféadfadh sí a dheimhniú go mbainfear amach roimh dheireadh na bliana an céatadán 20% a leagtar síos in Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [56040/23]
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
534. To ask the Minister for Rural and Community Development cén céatadán de bhuiséad fógraíochta 2023 na gcomhlachtaí poiblí a thagann faoi scáth a Roinne atá caite go dtí seo i mbliana ar fhógraíocht i nGaeilge agus an bhféadfadh sí a dheimhniú go mbainfidh na comhlachtaí sin amach roimh dheireadh na bliana seo an céatadán 20% a leagtar sios in Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [56058/23]
Heather Humphreys (Cavan-Monaghan, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
I propose to take Questions Nos. 531 to 534, inclusive, together.
Tá mo Roinn tiomanta go hiomlán do na riachtanais maidir le fógraíocht atá leagtha amach in Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 a chomhlíonadh.
Tá feachtas fógraíochta amháin reachtáilte ag mo Roinn go dtí seo in 2023, le 5% den bhuiséad don fheachtas sin caite ar fhógraíocht sna meáin Ghaeilge, ag teacht leis na riachtanais san Acht. Tá 20% den bhuiséad don fheachtas céanna caite freisin ar fhógraíocht i nGaeilge, ag teacht le riachtanais an Achta freisin.
Tá ceithre ghníomhaireacht faoi shainchúram mo Roinne: Coimisiún Forbartha an Iarthair, POBAL, Sábháilteacht Uisce na hÉireann, agus an Rialálaí Carthanas. Is eintitis dhlíthiúla neamhspleácha iad ar fad atá freagrach as a ngnóthaí corparáideacha féin a bhainistiú de réir a n-oibleagáidí reachtúla. Tá sonraí phointe teagmhála an Oireachtais do gach gníomhaireacht, a bheadh in ann an fhaisnéis a iarrtar i leith a n-eagraíochta a sholáthar don Teachta, leagtha amach sa tábla thíos:
Pobal | oireachtasqueries@pobal.ie |
---|---|
An Rialálaí Carthanas | oireachtas@charitiesregulator.ie |
Sábháilteacht Uisce na hÉireann | oireachtas@wsi.ie |
Coimisiún Forbartha an Iarthair | oireachtas@wdc.ie |
No comments