Written answers

Thursday, 14 December 2023

Department of Children, Equality, Disability, Integration and Youth

Acht na dTeangacha Oifigiúla

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

476. To ask the Minister for Children, Equality, Disability, Integration and Youth cén céatadán de bhuiséad fógraíochta a Roinne do 2023 atá caite go dtí seo i mbliana ar fhógraíocht a dhéanamh sna meáin Ghaeilge agus an bhféadfadh sé a dheimhniú go mbainfear amach roimh dheireadh na bliana an céatadán 5% a leagtar síos in Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [55990/23]

Photo of Roderic O'GormanRoderic O'Gorman (Dublin West, Green Party)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá mo Roinn tiomanta go hiomlán na ceanglais faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 a bhaint amach.

Táimid ag obair i gcomhar lenár ngníomhaireacht chruthaitheach agus lenár ngníomhaireacht ceannaigh mean chun a chinntiú go mbainfear amach rothlú fógraíochta Ghaeilge 20% ar fud ár bhfeachtas ar fad, agus chomh gar agus is féidir don sprioc 5% maidir leis na meáin Ghaeilge, sa mhéid is indéanta ag brath ar spás fógraíochta atá ar fáil.

I gcomhréir leis an Acht leasaithe, tiomsófar an fhaisnéis uile maidir lenár gcomhlíonadh fógraíochta Gaeilge le haghaidh 2023 lena chur faoi bhráid an Choimisinéara Teanga in R1 2024 lena fhoilsiú ina dhiaidh sin.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

477. To ask the Minister for Children, Equality, Disability, Integration and Youth cén céatadán de bhuiséad fógraíochta 2023 na gcomhlachtaí poiblí a thagann faoi scáth a Roinne atá caite go dtí seo i mbliana ar fhógraíocht a dhéanamh sna meáin Ghaeilge agus an bhféadfadh sé a dheimhniú go mbainfidh na comhlachtaí sin amach roimh dheireadh na bliana an céatadán 5% a leagtar sios in Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [56010/23]

Photo of Roderic O'GormanRoderic O'Gorman (Dublin West, Green Party)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá mo Roinn tiomanta go hiomlán na ceanglais faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 a bhaint amach.

Táimid ag obair i gcomhar lenár ngníomhaireacht chruthaitheach agus lenár ngníomhaireacht ceannaigh mean chun a chinntiú go mbainfear amach rothlú fógraíochta Ghaeilge 20% ar fud ár bhfeachtas ar fad, agus chomh gar agus is féidir don sprioc 5% maidir leis na meáin Ghaeilge, sa mhéid is indéanta ag brath ar spás fógraíochta atá ar fáil.

I gcomhréir leis an Acht leasaithe, tiomsófar an fhaisnéis uile maidir lenár gcomhlíonadh fógraíochta Gaeilge le haghaidh 2023 lena chur faoi bhráid an Choimisinéara Teanga in R1 2024 lena fhoilsiú ina dhiaidh sin.

Is ábhar oibríochtúil do gach gníomhaireacht an fhaisnéis a iarradh i ndáil leis na gníomhaireachtaí faoi choimirce mo Roinne. Iarrfaidh an Roinn ar na comhlachtaí ábhartha freagra a thabhairt go díreach don Teachta ina bhfuil an fhaisnéis a iarradh maidir lena n-eagraíochtaí.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

478. To ask the Minister for Children, Equality, Disability, Integration and Youth cén céatadán de bhuiséad fógraíochta a Roinne do 2023 atá caite go dtí seo i mbliana ar fhógraíocht a dhéanamh i nGaeilge agus an bhféadfadh sé a dheimhniú go mbainfear amach roimh dheireadh na bliana an céatadán 20% a leagtar síos in Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [56028/23]

Photo of Roderic O'GormanRoderic O'Gorman (Dublin West, Green Party)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá mo Roinn tiomanta go hiomlán na ceanglais faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 a bhaint amach.

Táimid ag obair i gcomhar lenár ngníomhaireacht chruthaitheach agus lenár ngníomhaireacht ceannaigh mean chun a chinntiú go mbainfear amach rothlú fógraíochta Ghaeilge 20% ar fud ár bhfeachtas ar fad, agus chomh gar agus is féidir don sprioc 5% maidir leis na meáin Ghaeilge, sa mhéid is indéanta ag brath ar spás fógraíochta atá ar fáil.

I gcomhréir leis an Acht leasaithe, tiomsófar an fhaisnéis uile maidir lenár gcomhlíonadh fógraíochta Gaeilge le haghaidh 2023 lena chur faoi bhráid an Choimisinéara Teanga in R1 2024 lena fhoilsiú ina dhiaidh sin.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

479. To ask the Minister for Children, Equality, Disability, Integration and Youth cén céatadán de bhuiséad fógraíochta 2023 na gcomhlachtaí poiblí a thagann faoi scáth a Roinne atá caite go dtí seo i mbliana ar fhógraíocht i nGaeilge agus an bhféadfadh sé a dheimhniú go mbainfidh na comhlachtaí sin amach roimh dheireadh na bliana seo an céatadán 20% a leagtar sios in Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [56046/23]

Photo of Roderic O'GormanRoderic O'Gorman (Dublin West, Green Party)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá mo Roinn tiomanta go hiomlán na ceanglais faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 a bhaint amach.

Táimid ag obair i gcomhar lenár ngníomhaireacht chruthaitheach agus lenár ngníomhaireacht ceannaigh mean chun a chinntiú go mbainfear amach rothlú fógraíochta Ghaeilge 20% ar fud ár bhfeachtas ar fad, agus chomh gar agus is féidir don sprioc 5% maidir leis na meáin Ghaeilge, sa mhéid is indéanta ag brath ar spás fógraíochta atá ar fáil.

I gcomhréir leis an Acht leasaithe, tiomsófar an fhaisnéis uile maidir lenár gcomhlíonadh fógraíochta Gaeilge le haghaidh 2023 lena chur faoi bhráid an Choimisinéara Teanga in R1 2024 lena fhoilsiú ina dhiaidh sin.

Is ábhar oibríochtúil do gach gníomhaireacht an fhaisnéis a iarradh i ndáil leis na gníomhaireachtaí faoi choimirce mo Roinne. Iarrfaidh an Roinn ar na comhlachtaí ábhartha freagra a thabhairt go díreach don Teachta ina bhfuil an fhaisnéis a iarradh maidir lena n-eagraíochtaí.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.