Written answers
Tuesday, 5 December 2023
Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht
Caiteachas Gaeilge agus Gaeltachta
Mairéad Farrell (Galway West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
77. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an ndéanfaidh sí plé ar na rátaí pá a thuilleann mná tí faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge. [53572/23]
Pearse Doherty (Donegal, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
78. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an dtabharfaidh sí eolas ar íocaíochtaí do na mná tí. [53574/23]
Patrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
I propose to take Questions Nos. 77 and 78 together.
Tacaíonn mo Roinn le hearnáil na gcoláistí Gaeilge, éarnáil a bhíonn ag feidhmiú ar bhonn tráchtála go príomha, trí dheontais laethúla a chur ar fáil do theaghlaigh cáilithe Gaeltachta a chuireann lóistín ar fáil do scoláirí a bhíonn ag freastal ar na coláistí. Is ioncam é seo atá saor ó cháin ioncaim agus atá sa bhreis ar an ioncam a fhaigheann na teaghlaigh ó na coláistí féin.
Go ginearálta, is é an cóimheas oibre don íocaíocht seo ná do gach euro a íocann mo Roinn le teaghlaigh atá aitheanta faoin scéim, íocann na coláistí timpeall €1.20. Is iad na coláistí féin a shocraíonn na rátaí seo agus níl aon ról ag mo Roinn ann.
Tháinig méadú de 20% ó €10 go €12 ar an deontas laethúil atá iníoctha ag mo Roinn le teaghlaigh aitheanta na scéime a chuireann lóistín ar fáil ó thús na bliana 2022.
Anuas air seo, ardaíodh an deontas tosaithe aonuaire do theaghlaigh nua atá ag lorg aitheantais faoin scéim faoi 300% in 2022 ó €2,000 go €6,000. Leathnaíodh scóip an deontais freisin chun costais tosaithe riachtanacha breise a chlúdach ann.
Ní gá a lua go leanfar ag breathnú ar bhealaí breise le cabhrú tuilleadh leis an earnáil amach anseo.
No comments