Written answers
Thursday, 16 November 2023
Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht
Coláistí Samhraidh
Pearse Doherty (Donegal, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
156. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cén fáth nár íocadh go fóill na táillí atá ag dul do mhná tí i dtaca le mic léinn a d’fhan leo i mí Lúnasa, céard is cúis leis an moill, agus cathain a íocfar iad; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [50435/23]
Patrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Ag an tráth seo, tá gach éileamh íocaíochta atá ar chumas mo Roinne a íoc i leith cúrsaí a reáchtáladh sna Coláistí Gaeilge i samhradh 2023 próiseáilte ag Rannóg na gColáistí Gaeilge agus seolta chuig Rannóg Airgeadais na Roinne. Déanfar na híocaíochtaí seo leis na teaghlaigh gan mhoill.
Níor mhiste a lua leis an Teachta go bhfuil líon áirithe cásanna nach bhfuil ar chumas mo Roinne íocaíochtaí a dhéanamh ina leith go fóill de bharr páipéarachas gan a bheith in ord ag roinnt teaghlach, mar shampla Teastais Glanta Cánach. Bíonn an Roinn i dteagmháil leis na teaghlaigh áirithe seo ar bhonn leanúnach le cabhrú leo é seo a chur ina cheart ionas gur féidir na híocaíochtaí a phróiseáil chomh luath agus is féidir.
Is ann do líon beag eile coláistí nach bhfuil eilimh ar íocaíochtaí faighte uathu go fóill. Tá an rannóg i dteagmháil leis na coláistí seo ar mhaithe len iad a spreagadh éilimh a sheoladh chuig an Roinn chomh luath agus is féidir. Den chuid is mó, is coláistí iad seo a bhaineann leas as brúanna chun lóistín a chur ar fáil seachas lóistín teaghlaigh.
No comments