Written answers

Thursday, 9 November 2023

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Scéimeanna Teanga

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

225. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cé mhéad teaghlach a chothaigh scoláirí an samhradh seo faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge agus atá fós ag fanacht ar íocaíochtaí faoin scéim; cén céatadán de na teaghlaigh a chothaigh scoláirí faoin scéim an samhradh seo agus atá fós ag fanacht ar íocaíochtaí faoin scéim; cén uair a gheobhaidh siad íocaíocht; soiléiriú a thabhairt ar aon athbhreithniú atá ar siúl ag a Roinn maidir leis an scéim; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [49254/23]

Photo of Patrick O'DonovanPatrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ag an tráth seo, tá gach éileamh íocaíochta atá ar chumas mo Roinne a íoc i leith cúrsaí a reáchtáladh sna Coláistí Gaeilge i samhradh 2023 próiseáilte ag Rannóg na gColáistí Gaeilge agus seolta chuig Rannóg Airgeadais de chuid na Roinne. Déanfar na híocaíochtaí seo leis na teaghlaigh gan mhoill anois.

Ba chóir don Teachta a nótáil go bhfuil líon áirithe cásanna nach bhfuil ar chumas mo Roinne íocaíochtaí a dhéanamh ina leith fós de bharr páipéarachais gan a bheith in ord ag na teaghlaigh, Teastais Glanta Cánach mar shampla. Bíonn an Roinn i dteagmháil leis na teaghlaigh áirithe seo ar bhonn leanúnach ar mhaithe le cabhrú leo é seo a chur ina cheart.

Tá an rannóg i dteagmháil le líon beag coláistí eile - go príomhá cinn a úsáideann brúanna seachas teaghlaigh le lóistín a chur ar fáil - nach bhfuil éilimh ar íocaíochtaí faighte uathu go fóill ar mhaithe le n-iad a spreagadh le éilimh a sheoladh chuig an Roinn.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.