Written answers

Thursday, 9 November 2023

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Scéimeanna Teanga

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

223. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an bhfuil sé i gceist ardú deontais a thabhairt do na teaghlaigh a choinníonn scoláirí faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge le haghaidh na bliana 2024 á chur san áireamh an t-ardú mór ar an gcostas maireachtála; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [49157/23]

Photo of Patrick O'DonovanPatrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar aitheantas ar an ardú sa chostas maireachtála agus ar mhaithe le tuilleadh teaghlaigh a mhealladh isteach sa scéim, cuireadh ardaithe éagsúla anuraidh leis na tacaíochtaí a íoctar faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Geailge. San áireamh anseo:

  • Tháinig ardú 20% ó €10 go €12 ar an bhfóirdheontas a íoctar le lucht lóistín na hearnála faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge de chuid na Roinne;
  • Ardaíodh an t-uaslíon scoláirí gur féidir le teaghlach a choinneáil ar íostas leo ó 12 go 16;
  • Ardaíodh an fóirdheontas a íoctar le lucht brúnna agus coláistí cónaithe ó €5 go €7;
  • Ardaíodh an fóirdheontas a chuirtear ar fáil do na teaghlaigh a chuireann lóistín ar fáil do lucht ERASMUS Gaeltachtaó €17 go €21;
  • Ardaíodh an fóirdheontas a chuirtear ar fáil do lucht lóistín na scéime ÁRAINN Gaeltachtaó €27 go €33; agus,
  • Ardaíodh an deontas do theaghlaigh nua a chláraíonn faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge agus do theaghlach atá ag iarraidh teacht ar ais sa chóras tar éis dóibh a bheith imithe as le chúig bliana nó níos mó ó €2,000 go dtí €6,000.
Ar ndóigh, tá an tionscnamh scoláireachtaí DEIS Gaeltachtaméadaithe go €400,000 in aghaidh na bliana chomh maith ar mhaithe le deiseanna faoi leith a chur ar fáil do lucht freastail iar-bhunscoileanna DEIS na tíre freastal ar choláiste samhraidh sa Ghaeltacht.

Anuas air sin, cuirfear €500,000 breise ar fáil i 2024 chun tuilleadh deiseanna a chruthú do dhaoine óga ó chúlraí faoi mhíbhuntáiste freastal ar choláistí samhraidh sa Ghaeltacht. Ciallóidh sé seo uile go mbeidh níos mó scoláirí ná riamh ó chúlraí éagsúla in ann freastal ar chúrsa samhraidh.

Ar ndóigh, bíonn mo Roinn i gcónaí ag faire amach ar bhealaí nua le cabhrú tuilleadh le hearnáil na gColáistí Gaeilge.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.