Written answers
Thursday, 19 October 2023
Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht
Toghcháin d'Údarás na Gaeltachta
Mairéad Farrell (Galway West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
36. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht céard í an fhaisnéis is déanaí maidir le toghcháin phoiblí do bhord Údarás na Gaeltachta; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [45645/23]
Patrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tar éis don Rialtas Scéim Ghinearálta agus Cinn an Bhille um Údaras na Gaeltachta (Leasú) a fhoilsiú i Nollaig 2022, seoladh an Scéim Ghinearálta agus Cinn an Bhille chuig an gComhchoiste Oireachtais don Ghaeilge, don Ghaeltacht, agus do Phobal Labhartha na Gaeilge le haghaidh grinnscrúdaithe réamhreachtaigh ar 2ú Feabhra 2023.
D’fhoilsigh an Comhchoiste a thuarascáil maidir leis an ghrinnscrúdú réamhreachtach tar éis dó í a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais in Iúil 2024. Tá fiche dó moladh sa tuarascáil agus tá siad á mbreithniú ag mo Roinn faoi láthair.
Táthar fós ag súil leis na toghcháin d'Údarás na Gaeltachta a reáchtáil i Meitheamh 2024.
No comments