Written answers
Thursday, 19 October 2023
Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht
Caiteachas Ranna
Mairéad Farrell (Galway West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
208. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cad é suim an deontais reáchtála a ceadaíodh do gach comharchumann agus gach comhlacht pobalbhunaithe Gaeltachta sa bhliain 2023; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [45969/23]
Patrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá sé curtha in iúl ag Údarás na Gaeltachta go bhfuair 33 eagras forbartha Gaeltachta, idir chomharchumainn agus chomhlachtaí pobalbhunaithe maoiniú reáchtála in 2023. Íoctar deontas reáchtála leis na heagrais phobail chun cur ar a gcumas tabhairt faoi chlár forbartha pobail ina gceantar feidhme.
Tá réimse leathan de ghníomhaíochtaí agus tionscnaimh forbartha idir lámha ag na heagrais forbartha, agus cur chuige níos straitéisí lena gcuid oibre ag teacht le bunú an Aonaid Forbartha Pobail in Údarás na Gaeltachta. D’eascair bunú go leor de na heagrais forbartha as easpa infreastruchtúir agus seirbhísí áitiúla sa phobal. Tá na heagrais dírithe anois ar fhreastal ar infreastruchtúr nua-aimseartha ar nós áiseanna do chúram leanaí, páirceanna spraoi, ionaid teacht le chéile don óige, ionaid lae don aosach, caighdeán maith leathanbhanda, ionaid acmhainní don phobal, tionscnaimh fuinneamh inathnuaite agus infreastruchtúr eile atá in easnamh sa phobal.
Mar is eol don Teach, tá ról lárnach ag na heagrais forbartha maidir le feidhmiú na bpleananna teanga sna Limistéir Pleanála Teanga ina gceantair éagsúla. Tá agus beidh ról lárnach acu chomh maith maidir le forbairt ghréasán gteic agus ag cur chun cinn tograí turasóireachta cultúrtha agus táthar ag breathnú ar na féidearthachtaí do chomharchumainn in earnáil an fhuinnimh inathnuaite trí na cláir éagsúla, i measc tosaíochtaí eile.
Tá ráite ag an Údarás go bhfuil fostaíocht suntasach cruthaithe ag na heagrais phobail ó bunaíodh iad agus go bhfuil gníomhaíochtaí breise glactha ar láimh ag roinnt mhaith acu le roinnt blianta anuas. Tá go leor acu ag plé le scéimeanna fostaíochta pobail agus tá f22 eagras freagrach as pleananna teanga a ullmhú agus a fheidhmiú le 18 eagras a bhfuil nó an mbeidh forbairt ar aonaid gteic faoina gcúram.
Mar a thuigim, de réir an tsuirbhé deiridh a rinneadh i measc na heagrais forbartha, tá 67 duine fostaithe ar bhunús lánaimseartha, 54 páirtaimseartha agus 88 go séasúrach.
Tá sé le nótáil go bhfuil ciste breise aon-uaire de €253,175 le cur ar fáil in 2023 do na n-eagrais forbartha pobail chun tacú leo tús a chur le feidhmiú a gcuid pleananna nuafhorbartha cúig bliana.
Freisin, nótáiltear go gcuirtear maoiniú ar fáil do dhá eagraíocht forbartha pobail Gaeltachta faoin gClár um Fhorbairt Pobail Áitiúil (LCDP). Is iad sin Pobal le Chéile CDP CTR atá lonnaithe ar an Fhál Charrach, Co. Dhún na nGall agus CDP na Rosann CTR, An Clochán Liath, Co. Dhún na nGall. Cuireadh €81,625 ar fáil don dá eagraíocht do 2023.
Is é seo a leanas liosta de na deontais reáchtála atá ceadaithe do na heagrais éagsúla i 2023:
Eagras Pobail | Soláthar 2023 | |
---|---|---|
Dún na nGall | ||
Comharchumann Oileán Árainn Mhór Teo | €143,850 | |
Comharchumann Thoraí Teo | €141,750 | |
Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair Teo. | €106,050 | |
Comharchumann na nOileán Beag Teo. | €54,600 | |
Lár Chomhairle Paróiste Gleann Cholm Cille CTR | €80,850 | |
Céim Aniar CTR | €86,100 | |
Pobal Eascarrach CTR | €82,950 | |
Forbairt Eachla CTR | €60,000 | |
Comhar Fhánada & Ghleann Bhairr CTR | €52,500 | |
Maigh Eo | ||
Comhlacht Forbartha Áitiúil Acla CTR | €103,425 | |
Comhar Dún Chaocháin Teo | €70,350 | |
Comharchumann Forbartha Ionad Deirbhile Eachléim Teo. | €96,600 | |
Coiste Cultúr Teanga & Forbartha T.M.E Teo | €85,050 | |
Gaillimh | ||
Comhar Caomhán Teo. | €142,800 | |
Comharchumann Forbartha Árann Teo. | €159,600 | |
Comharchumann Dhúiche Sheoigheach Teo. | €99,750 | |
Comharchumann Shailearna Teo. | €101,850 | |
Comhairle Ceantar na nOileán CTR | €102,900 | |
Comharchumann Sliogéisc Chonamara Teo | €52,500 | |
Forbairt Chonamara Láir Teo | €106,050 | |
Comharchumann Mhic Dara Teo. | €112,350 | |
Comhlacht Forbartha An Spidéil CTR | €72,150 | |
Forbairt Pobail Mhaigh Cuilinn CTR | €66,150 | |
Comhlacht Forbartha Inis Meáin CTR | €142,800 | |
Comhar Chuigéil (Leitir Mealláin) Teo | €79,800 | |
An Mhí | ||
Comharchumann Ráth Chairn Teo. | €102,900 | |
Ciarraí | ||
Comharchumann Forbartha Léith Triúigh Teo. | €95,550 | |
Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne Teo. | €123,900 | |
Comhchoiste Ghaeltachtaí Chiarraí Theas CTR | €96,600 | |
Forbairt na Dromada Teo. | €85,050 | |
Corcaigh & Port Láirge | ||
Comharchumann Chléire Teo. | €148,050 | |
Comharchumann Forbartha Mhúscraí Teo. | €97,650 | |
Comhlucht Forbartha na Déise CTR | €103,100 |
No comments