Written answers

Thursday, 19 October 2023

Department of Rural and Community Development

Forbairt Calaí agus Céanna

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

391. To ask the Minister for Rural and Community Development cén uair a cheadófar deontas, mar atá iarrtha ag Comhairle Contae na Gaillimhe le staidéar a dhéanamh ar na féidireachtaí cur le na saoráidí calaíochta ag Céibh an Chalaidh Mhóir in Inis Meáin; an fáth go bhfuil moil ag ceadú an staidéir seo; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [45958/23]

Photo of Heather HumphreysHeather Humphreys (Cavan-Monaghan, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar is eol don Teachta, is é Comhairle Contae na Gaillimhe atá freagrach as forbairt céanna ar na hOileáin Árainn, Inis Meáin san áireamh. Bíonn cruinnithe rialta idir feidhmeannaigh na Roinne agus an Chomhairle Contae chun plé agus monatóireacht a dhéanamh ar fhorbairt céanna ar Inis Oírr agus Inis Meáin.

Tuigtear dom go bhfuil oifigigh ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe ag ullmhú na cáipéisí riachtanacha chun comhairleoirí a cheapadh chun cuidiú le Réamhchás Gnó a ullmhú. Is gá seo a dhéanamh i gcomhréir leis an gCód Caiteachais Phoiblí chun breathnú ar gach aon rogha a d’fhéadfadh a bheith ann chun áiseanna sábháilte cuain a chur ar fáil ar Inis Meáin.

Pléadh na dréacht-cháipéisí ag cruinniú idir mo Roinn agus an Chomhairle Contae an tseachtain seo, agus tuigtear dom go bhfuil tuilleadh oibre fós le déanamh orthu sular féidir tairiscintí a lorg.

Is fiú a nótáil nach bhfuil aon deontas iarrtha ag Comhairle Contae na Gaillimhe i leith na hoibre seo agus nach bhféadfaí a leithéid a iarradh ná a cheadú nó go mbeidh an próiseas tairsceana curtha i gcrích agus comhairleoirí réidh le ceapadh.

Is féidir a bheith cinnte nach gcuirfidh mo Roinn aon mhoill ar an bpróiseas ach na céimeanna cuí bheith glactha ag an gComhairle Contae ar dtús. Leanfaidh mo Roinn ag comhoibriú le Comhairle Contae na Gaillimhe ar mhaithe leis an bpróiseas sin a thabhairt chun críche chomh luath agus is féidir.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.