Written answers
Monday, 11 September 2023
Department of Rural and Community Development
Cuanta agus Céanna
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
2106. To ask the Minister for Rural and Community Development cén uair a dhéanfar cinneadh ar iarratas atá curtha chuig an Roinn le tamall anuas ag Comhairle Contae na Gaillimhe maidir le cead agus maoiniú a fháil le tuilleadh staidéar a dhéanamh maidir le forbairt saoráidí calaíochta ag Céibh an Chaladh Mhóir, Inis Meáin. [39292/23]
Heather Humphreys (Cavan-Monaghan, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Mar is eol don Teachta, is é Comhairle Contae na Gaillimhe atá freagrach as obair chothabhála agus forbartha ar chéanna Oileáin Árainn, an Caladh Mór ar Inis Meáin ina measc. Bíonn cruinnithe rialta idir ionadaithe ó mo Roinn agus an Comhairle Contae chun an dul chun cinn ar fhorbairt na gcéanna a phlé. Reachtáladh an cruinniú is deireanaí ar 5ú Meán Fómhar.
I gcomhréir leis an gCód Caiteachais Phoiblí, chuir Comhairle Contae na Gaillimhe dréacht measúnacht straitéiseach faoi bhráid mo Roinne le seachtain anuas, agus tá sé á bhreithniú faoi láthair.
Tá an dréacht measúnacht straitéiseach seo bunaithe ar thorthaí ón ionsamhlúchán digiteach a rinne Coláiste Náisiúnta Muirí na hÉireann (NMCI), mar aon leis na roghanna forbartha éagsúla.
Is féidir leis an Teachta a bheith cinnte go leanfaidh mo Roinn ag comhoibriú le Comhairle Contae na Gaillimhe chun an togra a thabhairt chun críche a luaithe agus is féidir.
No comments